Page:Duan na Nodlag.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
13
DUAN NA NODLAG

an cléireaċ isteaċ leis an tsluasaid níor ṫeip ar an ṁáiġistir a ráḋ go raiḃ eagla air go gcaiṫfidís scara- ṁain le ċéile. Dá ḃríġ sin do ċuir an cléireaċ a ḃán- ċaraḃat uíme, agus ṫug sé iarraċt ar é féin do ṫeiṫeaḋ leis an gcoinneal, aċt do ṫeip sin air, óir níor ṁór é a neart íoṁáiġeaċta.

“Nodlaig súgaċ ċuġat, a úncail Dia ḋuit,” ar guṫ meiḋreaċ. B’é ġuṫ ġairṁic Scrúig é, do ṫáiniġ ċoṁ mear sain fá n-a ḋéin, nár ṁoṫuiġ sé a ṫeaċt go dtí sin.

“Maise, díċéille!” ar Scrúg.

Ḃí an oiread sain teasa ar ġarṁac Scrúig, tar éis a luaiṫ-ṡiuḃail ’san gceo, go raiḃ luisne ar lasaḋ tríd; ba lonnraċ daṫaṁail í a ġnúis; ḃí lasair ’n-a ṡúiliḃ, agus do ḃí a ċuid anála ag teaċt ’n-a galaiḃ.

“An Nodlaig díċéille, an eaḋ?” ar gorṁac Scrúiġ, “ní hí sin bríġ t’ḟocail dar ndóiġ?”

“Is í go cruínn,” ar Scrúg, “Nodlaig ṡúġaċ! Cad é an t’áḋḃar nó an ċúis atá agat-sa le ḃeiṫ súgaċ? Taoi dealḃ do ḋóṫain!”

“’Seaḋ, is dóiġ,” ar an garṁac go gáirdeaċ, “cad é an ċúis duit-se ḃeiṫ go duḃaċ? Cad ċuige go ḃfuilir doilḃ? Taoi saiḋḃir do ḋóṫain?”

Óir ná raiḃ aon ḟreagra eile ar ḃárr a ṫeangan ag Scrúġ, is é a duḃairt, “Ó, ṁaise,” agus annsoin, “díċéille.”

“Ná bí ar buile, a úncail,” ar an garṁac.

“Cad ’na ṫaoḃ ná beinn,” ar Scrúġ, “agus mé ag maireaċtain ’san doṁan so atá lán suas d’amadánaiḃ. Nodlaig ṡúġaċ! Sceiṁle ar do Nodlaiġ ṡúġaiġ. Cad tá ’san Nodlaig duit-se aċt am díolta na mbille, gan airgead; am i n-a ḃfaġair tú féin bliaḋan níos sine