Page:Duan na Nodlag.djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
12
DUAN NA NODLAG.

ġan súil ’ná droċ-ṡúil, a ṁáiġistir ḋaill.”

Aċt cad é sin do Scrúg sin? B’ṡin é ḃí uaiḋ. Ba ḃiaḋ is ba ḋeoċ do a ṁaidiḋe a ḃreiṫ leis tré ċasán líonṁar an tsaoġail, ag fógraḋ truaiġṁéile daonna go léir uaiḋ.

Feaċt n-aon—an lá roiṁ Nodlaig tar laeṫaiḃ an doṁain—ḃí sean-Scrúg ’n-a ṡuiḋe ’n-a ṫiġ-coṁairiṁ, is é go díċeallaċ. Ḃí an uain go fuar, cuirneaṁail géar. Ḃí ceo ann leis. D’airiġeaḋ sé na daoine ’san ċearnóg amuiġ ag gaḃáil síos suas, ag sraoṫartaiġ, is ag bualaḋ a láṁa i gcoinniḃ a n-uċt, is ag dian-ḃualaḋ a gcos ar na leacaiḃ d’ḟonn iad do ṫéiṫeaḋ. Ḃí cluig na caṫraċ díreaċ tar éis an trí a ḃualaḋ, aċt ḃí sé dorċa ċeana féin, is ní raiḃ puinn solais ó ṁaidin ann, agus ḃí coinnle ar léir-lasaḋ i ḃfuinneagaiḃ na n-oifigiḋe i ḃfogas dá mar ḃeaḋ saiġeada soillseaċa ar an aer ḋonn ṫaiṫiceaċ. Isteaċ leis an gceo tré gaċ fuaṫais is ionad eoċraċ, agus le neart a ṫuiġeaċta is ar éigin do ċífeá na tiġṫe ar an dtaoḃ ṫall, cioḋ go raiḃ an cearnóigín feile-ċuṁang. Dá ḃfeicfeá an duḃ- néal ag tuitim is ag teaċt anuas ba ḋóiġ léat go raiḃ an spéir ’n-a coṁnuiḋe led’ ais, agus í ag bríḃéireaċt go lán-ḟairring.

Ḃí doras tiġe ċoṁairiṁ Scrúig ar leaṫaḋ i gcás go ḃfairfeaḋ sé an cléireaċ do ḃí ag aiṫ-scríoḃaḋ litreaċ i seomra ḃeag léir-ḋorċa—saġas droṁlaiġ do b’eaḋ é—ar an dtaoḃ amuiġ. Ḃí téine an-ḃeag ag Scrúg aċt ḃí lasóigín an ċléiriġ an oiread sain ní ba luġa gur ḋóiġ leat ná raiḃ aċt spréiḋ ann. Aċt ní raiḃ aon ċaoi aige ar í ṁéaduġaḋ, óir do ċongaiḃ Scrúg cliaḃán an ġuail ’n-a ṡeoṁra féin, agus ċoṁ luaṫ is ṫagaḋ