Page:Duan na Nodlag.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
11
DUAN NA NODLAG.

le breo-ċloiċ nár ḃain cruaiḋ riaṁ aiḃleag raiḋ seaṁail aisti. Is é ḃí go rúnaċ is go deiscréideaċ, agus ċoṁ haonaraċ le heisir. Do ċuir an fuaċt a ḃí ’n-a ċroiḋe sioc amaċ tré n-a ṡean-ġnúis. Do ṗrioc sé a ġéar-ṡrón, do ṡearg sé a ġruaḋ, do riġiniġ sé a ṡiuḃal, d’ḟág sé go dearg-ṡúileaċ, gorm-ḃéalaċ é, agus fiú aṁáin do moṫuiġeaḋ é go ró-ġéar ’n-a ġarḃ-ġuṫ. Ḃí reoḋ cuirneaṁail ar a ċeann is ar a ṁalaiḋiḃ, is ar a smeigín faoḃraċ. Ḃí a ḟeile-ḟuaċt féin i gcoṁnuiḋe ’n-a ċuideaċtain; do ċuisniġ sé an oifig i lár an tsaṁraiḋ, agus níor ḃog sé an oiread is aon néaċa aṁáin um Nodlaig.

Is ró-ḃeag an ḃeann do ḃí ag Scrúg ar fuaċt ná ar ṫeas ó’n dtaoḃ amuiġ. Ní ṫéiṫfeaḋ teas is ní ḟuarfaḋ garḃ-ṡíon é, Níor ġéire aon ġaoṫ dár ṡéid riaṁ ’ná é. Níor cáiṫeaḋ sneaċta riaṁ ba ḋúṫraċtaiġe, is níor ṫuit clagar ba neaṁ-ṫruaiġṁéiliġe ’ná mar ḃí Scrúg. Ní ḟuair doineann aon áṫ air. Ní rug fearṫainn ná sneaċta, ná cloiċ-ṡneaċta bárr uaiḋ riaṁ, aċt aṁáin ’san gcuma so–gur ṁinic iad sain ag teaċt fád’ ḋéin go raiḋseaṁail, aċt níor ṁar sain do Scrúg.

Níor ṁoilliġ aoinne riaṁ ’san tsráid é ’ga ráḋ, a Scrúg, a ċara, cionnas taoi? Caiṫin ṫiocfair dom ḟéaċaint? Ní iarrfaḋ na bacaiġ beagáinín air. Ní ḟiafróċaḋ na páistiḋe ḋe cad do ċlog é. Níor ḟiafruiġ fear nó bean riaṁ de taisbeánaḋ na sliġeaḋ go dtí a leiṫéid sin d’áit. Fiú madraiḋe na ndall–ba ḋóiġ leat go raiḃ aiṫne aca air; nuair ċídís ag teaċt é do ṫarraingidís a máiġistriḋe go ḃéalaiḃ na ndóirse, nó isteaċ i lánaiḋiḃ, agus annsain do ċroṫaidís a n-earḃaill, ċoṁ maiṫ is dá n-abraidís, “Is feárr ḃeiṫ