Page:Duan na Nodlag.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
10
DUAN NA NODLAG.

sealḃuiġṫe go raiḃ Meárlaí ċoṁ marḃ le tairnge dorais.

Ḃi a ḟios ag Scrúg go raiḃ sé marḃ? Ḃí dar ndóiġ. Ní ḟéadfaḋ gan a ḃeiṫ. Óir ḃí sé féin agus Scrúg i bpáirtiḋeaċt le ċéile ar feaḋ móráin do ḃliaḋantaiḃ. B’é Scrúġ a aoin-ḟeiṫiuir, a aoin-ḟear-ionaid, a aoin-ḟeaḋmanaċ, a aon-ḟuiġleaċtóir, a aon-ċara, agus a aon-ċaointeoir. Agus níor ġoill an t-éaċt ċoṁ trom sain ar Scrúg féin ná gur ṁaiṫ an fear gnóṫa é lá na soċraide, is ná ġur ċuir sé saoire ar an lá sain le deaġ-ṁargaḋ dearḃṫa.

Cuireann an tagar so do ṡoċraid Ṁeárlaí i gcuiṁne ḋam an rud lér ṫosnuiġeas. Ní’l aon aṁras ná go raiḃ Meárlaí marḃ. Bímís cinnte ar an méid sin nó is ró-ḃeag an iongnaḋ ḃainfeas leis an scéal atá agam le n-aiṫris. Muna mbeimís sealḃuiġṫe do ḃas Hamlet roiṁ ṫosnuġaḋ do’n dráma níor ḃ’ióngantaiġe é ḃeiṫ ag siuḃal do féin astoiḋċe ar a ḃallaiḋiḃ féin agus an ġaoṫ anoir, ’ná dá mbuailfeaḋ duine éigin scoṫ-aosta aile amaċ tan éis tuitim na hoiḋċe go háit aeraċ, Reilig Ṗóil, abair, d’ḟonn criṫ-eagla do ċur ar a ṁac lag-intinneaċ.

Níor ġlan Scrúġ amaċ iaṁ ainm ṡean-Ṁeárlaí. B’ṡin é annsain la ciantaiḃ é ós cionn dorais an tsiopa. Scrúg agus Meárlaí. B’é ainm a ḃí ar an gcoṁċumann ná Scrúg agus Meárlaí. Ar uairiḃ do ġlaoḋtaiḋe Scrúg ar Scrúg, is ar uairiḃ Meárlaí ag daoiniḃ ná raiḃ taiṫiġe aca ar an gcumann, aċt do ḟreagair sé do’n dá ainm. Ba ċuma léis cia ’ca.

Oċón! B’é an rúcaċ é Scrúg! sean-ragaḋ sainnteaċ, scríobaċ, baileaċ, anacraċ, ocraċ! ċoṁ géar ċoṁ doirḃ