Page:Duan na Nodlag.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

DUAN NA NODLAG.


AN ĊÉAD RANN.


Taiḋḃse Ṁeárlaí.


Ḃí Meárlaí marḃ, mar ṫosnuġaḋ. Ní raiḃ aṁras ar biṫ ar an méid sin. Do ċuir an ministir, an cléireaċ, an t-aḋlaicṫeoir agus an príoṁ-ċaointeoir a n-ainmeaċa le cunntas a aḋlaicṫe; do ċuir Scrúg a ainm leis ’n-a dteannta, agus níor ċaill riaṁ ar Ṁargaḋ an Airgid aon rud a ċuirfeaḋ Scrúg a ainm leis.

Ḃí sean-Ṁeárlaí ċoṁ marḃ le tairnge dorais.

Féaċ! Ní heaḋ ga ḃfuil a ḟios agam féin cad é an saġas marḃuiġṫe áiriṫe a ḃaineas le tairnge dorais; do ḃraṫfainn féin gur mó an marḃaḋ a ḃaineann le tairnge coṁrann ’ná le haon earraḋ iarainn amuiġ. Aċt tá toġa eolais ar sinnsir ’san tsean-ḟocal, agus ní ċuirfead-sa droċ-láṁ ann, no beiḋ an dúṫaiġ scriosta. Dá ḃriġ sin leig dom aiṫris go