Page:Deoraidheacht (1920).pdf/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
65
Deoraidheacht

theacht ’un na bainse. Ní dhéanfar an pósadh go ceann míosa acht beidh bainis bhreágh ann; beidh bainis mhíosa ann; beidh mí na meala roimh ré aca. ’San oidhche i mbárach tosnóchar ar an ngleó, agus mara mbeidh greann agus sgléip ann, ní mise Alf Trott​…​’seadh, a chara, ní bhainfear a thuill­eadh amach—an t‑airgead céadna, dá phighin an duine.”

Bhí fear grinn ’sa láthair. Sgaoil sé rann uaidh i mBéarla:

Bring your own tea and sugar;
 Bring your own bread and butter;
 But you’ll come to the wedding—
Won’t you come?

Phléasg a raibh ann. Thosuigh­eadar ag magadh faoi’n bhFear Beag Buidhe agus a chuid ‘airgid chéadna.’ Bhí a dhruim liom. Ní orm-sa ná ar an bhfeic a bhí ’n‑a suidhe le mo thaobh a bhí áird ag na daoinibh acht ar an bhFear Buidhe. Sgaoileas mo leath-chos. Chuireas fúm í. Chaitheas dhíom an folt bréagach agus na slabhraí gleóite práis. Rugas ar an gcuaille a bhí le mo thaobh, agus rinneas maide croise dhe. D’éirigheas de phreib.

Iongantas a tháinic orra, ar fheiceál dóibh go rabhas féin ’mo sheasamh.

“Cead cainte,” arsa mise i n‑árd mo ghotha, “cead cainte, a cháirde.”

Bhí faitchíos ar chuid de na mnáibh rómham. Mar sin féin, fuaireas cead cainte. Dá bhfeic­theá an Fear Buidhe! Bhí sé gream­uighthe de’n talamh. Ní raibh ann cor a chur dhe.

“A cháirde chléibh,” adeirim-se, “chuala sibh céard dubhradh libh faoi mo chleamh­nas-sa. Ní raibh ann acht bréag. Ní’l an bioránach úd thall i n‑an’ aon cheó eile innseacht. Nuair a chuir sé mé féin ós bhur gcomhair céard a bhí ann acht bréag? Agus nach maith a’ lear airgid a mheall sé