Page:Deoraidheacht (1920).pdf/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
64
DEORAIDHEACHT

“Acht ní hé sin an chuid is measa de’n sgéal,” arsa mo dhuine go brónach, “acht go dtug sí gean a croidhe—agus is mór an croidhe atá aici—do dhuine atá ’san láthair annseo anocht.”

Dhearc sé go grinn ar fhear óg a bhí ’n‑a aice. Dhearc cách air. Dhearg­uigh sé.

“Mh’anam, a Pheadair,” arsa a chomh­luadar leis, “go raibh tusa annseo gach oidhche ó tháinic siad.”

Chuala an Fear Beag Buidhe an focal. Leig sé air go raibh gruaim air.

“Bíodh fhios agad, a fhir óig,” ar seisean ag féachaint ar an duine a dhearg­uigh, “bíodh fhios agat,” ar seisean, “go bhfuilim-se in loco par—parentis, má thuigir an Laidin. Sin mar adéarfá—go bhfuilim i n‑ionad athar aici. Acht táim sásta leis an bhfear óg—lán-tsásta. Molaim a rogha.”

Cheap an duine a dhearguigh focal eicínt a rádh. Theip air.

“Tá sé féin sásta léithi freisin. Ní haon mhaith dhom ’ghá shéanadh oraibh cé hé​…​’sé an fear úd istigh é—an Fear Buile.”

Chloisfeá biorán ag tuitim. Bhí gach uile dhuine dá raibh ann ag cur na súl tríom, agus a mbéal ar osgailt aca. Bhí an Fear Beag Buidhe féin i n‑áirde ar an mbosga, agus gan gíog as.

Chonnaic sé duine dá mhuintir ag an doras.

“Tugtar isteach í,” ar seisean.

Seóladh isteach í. Leis an tsiubhal a bhí fúithi, agus leis an luasgán a bhí innti déarfá go mba geall le bád mór a bhéadh ar ancoire í, agus na tonn­tracha ’ghá suathadh.

Tháinic iongnadh orra siúd nach bhfaca cheana í, Labhair an Fear Beag Buidhe.

“A mhuintir na Gaillimhe,” ar seisean, “a cháirde cléibh,” ar seisean, “bheirim cuireadh dhíbh uile go léir a