uaibh ó tháinic sé le n‑a chuid bréag. An sgian úd a chonnaic sibh ar ball, ní raibh uirri acht rian fola coiligh. Nach é a mheall sibh, a mhuintir na Gaillimhe? Nach sibh na brealláin? Agus na hiongantais eile atá aige, is beag nach bhfuilid chomh bréagach leis an gceann a bhí annseo go dtí le ceathramha uaire ó shoin! Nach bog a bhí an t‑airgead agaibh? Acht fágfaidh mise é féin leis an sgéal a réidhteach, ó ’sé is feárr chuige.”
Bhuaileas fúm ar an talamh, agus gliondar ar mo chroidhe. Bhí fhios agam go ndéanfainn an mí-ádh air uair eicínt. Níor cheapas go n‑éireóchadh liom chomh geal.
Thosuigh sé ’n‑a raic agus ’n‑a rí-rá. Cuid aca a bhí ann, ní raibh siad a iarraidh acht a gcuid airgid fhagháil uaidh. Acht bhí cuid eile aca, agus b’é an chuid ba líonmhaire é, agus ní shásóchadh aon ní iad siúd acht fuil an Fhir Bhuidhe. Bhí sé annsiúd ’n‑a measg agus ba mhór an díol truaighe é. Ball éadaigh níor fágadh air gan stróiceadh. Brúigheadh agus buaileadh agus milleadh é. Agus nuair a bhíodar tuirseach de sin, thosuigheadar orra ag iarraidh na mbothán a tharraint ó chéile. Ní fhágfaidís luach pighne ag an ngadaidhe gan milleadh. Dubhairt cuid aca go gcuirfidís an áit go léir trí theine. Acht níor chuir.
Chuala na daoine a bhí amuigh ’san bpáirc an gleó. Chuala muintir an Fhir Bhuidhe freisin é. Bhí iongantas ar an dá dhream céard a bhí ar siubhal istigh. Shíleadar a theacht isteach, acht ar ndóigh, ó bhí an áit istigh lán go draid, bhí sé fánach aca. Ní deárnadh acht an both a leagadh. Bhí sé ’n‑a rí-rá críochnuighthe annsin. Ní raibh aon tsolus ann agus bhíodar ag bualadh a chéile as éadan. Nuair a thairngeóchadh fear buille, ní bhéadh fhios aige an duine dá cháirdibh ná duine de mhuintir an Fhir Bhig Bhuidhe a bhíodh sé a bhualadh. Agus bhí cuid aca ann, agus ba chuma leó. Shílfeá nach raibh uatha acht buille maide a tharraint, agus plaosg duine eicínt a bhualadh. D’éirigh leis an bhFear Beag Buidhe