Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

50

cruaiḋ sin ar an ḃfear boċt agus gan aige aċt an t-aon ḃó-ín aṁáin b’éigean dó í do ṫaḃairt leis go dtí an aonaċ ċum biaḋ agus éadaċ d’ḟaġḃáil dá leanḃaiḃ. Níor ḟiafruig aoinne ḋé ar an aonaċ cad ḃí aige. Do ḋuiḃ agus do ṫeann air nuair do ċaiṫ sé í do ṫaḃairt a [do] ḃaile arís agus fios aige gurab é an dealḃas ḃí sa mbaile roiṁe.

Do casaḋ stracaire air ar an mbóṫar. “Dia ḋuit, a ḟir an tiġe,” ar seisean. “Dia ’s Muire ḋuit a’s Pádraig,” arsa an fear boċt cráiḋte leis. “An ag díol nó ag ceannaċt ḃís,” arsa an stracaire. “Go ḃfóiriḋ Dia orainn, is ag díol do ḃíos agus má seaḋ níor ḋíolas agus ní ḟeadar mé cad ḋéanfad le mo sguaine agus gan aon rud le n-iṫe aca sa mbaile agus gan aon ḟaġḃáil air nuair nár ḋíolas í seo.” “Agus,” arsa an stracaire, “ḃfuil aon duine muinntearḋa agat d’ḟuasgaileóċaḋ ort go ḃfuiġḃṫeá an ḃó-ín do ḋíol.” “Atá, a ṁic ó, dearḃráṫair dam i mbéal an dorais a ḃfuil saiḋḃreas go leor aige agus is beag an ṁaiṫ ḋaṁ-sa é sin mar ní ḟéaċfaḋ sé orm.” “Ḃfuil aoinne clainne ag an dearḃráṫair sin.” “Ó níl, a ṁic ó, agus atá a ṡlioċt air, ní ṫuigeann sé ḋaṁ-sa ná do mo ċúram.” “An leigfeá leat mise go lá,” arsa an stracaire. “Go ḃféaċaiḋ Dia orainn ní beag dam mé féin agus a ḃfuil agam do ḃeiṫ ar an-áird agus gan tusa do ḃeiṫ ċoṁ dona linn.” “Is cuma sin, raġad leat,” arsa an stracaire.

Nuair do ḃíodar ag déanaṁ ar an ngeata do ḃí na páistí ar fad ar an mbóṫar ag faire go ḃfeicfidís a n-aṫair ag teaċt. Nuair do-ċonnacaḋ an ḃó aige arís ag teaċt ṫar n-ais, do liúġadar agus do sgreadadar agus do riṫeadar, isteaċ go dtí a máṫair agus aduḃairt léiṫe go raḃadar réiḋ anois, go raiḃ an ḃó ag teaċt ag a n-aṫair arís.

“Éistiġiḋ, a ṗáistí,” arsa an stracaire, “bíonn caḃair Dé ar bóṫar.” Agus ċoṁ luaṫ agus ṫáinig