Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

49

sinnsear go léir agus beiḋ tú féin marḃ ar a dá ḃuille [uair] déag ar ḃall ag Oscar.

Ní raiḃ an focal ráiḋte ag Fionn Mac Cuṁaill nuair do ḃí an buille buailte ag Oscar ar a gcuaille coṁraic. Do rinneadar araon annsin ar a ċéile mar do ḋéanfaḋ dá leoṁan buile, nó dá ṁadra carnaoile. Do ḋéanfaidís ball bog de an mball cruaiḋ, agus ball cruaiḋ de an mball bog. Do ṫarraingeóċaidís tobair fíor-uisge tré ċroiḋe na gcloċ nglas, le foiréigean uilc agus urċóide ċum a ċéile go dtí i dteannta an dá ḃuille ḋéag. D’éirig Illionn Iolċroṫaċ in áirde agus mar ḃí sé níos aoirde ná Oscar d’éirig Oscar in a ḋiaiḋ, agus do ḃuail sé le n-a ċlaiḋeaṁ é i dteora an ċinn agus na colna. Do ḃain sé an ceann dé an iarraċt sin. D’éirig an ceann in áirde sa spéir, agus ṫug sé iarraċt ar teaċt ar an gcolann arís, agus dá dtiocfaḋ an ceann ar an gcolann, do ṁarḃóċaḋ [ṁuirḃfeaḋ] sé Fianna Éireann go léir. D’éirig Oscar de léim amaċ as a ċaḃail, agus do ḃuail se le buille coise an ceann. Do ċuir sé mar reilṫíni in áirde ar an aer é, agus siad atá ag taḃairt solas na hoiḋċe ḋúinn go léir ó ṡoin. Do raġaḋ fear sé troiġṫe idir gaċ aon easna le hOscar as sin go dtí go ḃfuair sé bás, agus an síneaḋ ḃain sé as féin ag baint a ċinn de Illionn Iolċroṫaċ.


AN T-SEAN-ĊAILLEAĊ SA ĊÓFRA

Do ḃí beirt dearḃráṫair ann fadó agus do ḃíodar araon pósda. Do ḃí muirear mór ar ċeann aca aċt ní raiḃ aoinne clainne ag an duine eile. Do ḃí fear an ṁuirir an-ḋealḃ. Níor ṁar sin do an ḃfear eile; do ḃí sé an-ṡaiḋḃir. Do ḃí feirm ṁór ṫalṁan aige, agus strus agus geall air. Ṫáinig an saoġal ċoṁ