Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

51

dorċuġaḋ na hoiḋċe, “éiriġ,” arsa an stracaire le n-a n-aṫair, “agus faġ mála maiṫ mór dam.” “Ó cá ḃfuil tú ċum mé do ṫaḃairt?” “Is cuma ḋuit sa tubaiste aċt siuḃal leat.”

D’imṫiġeadar leo agus do ċuadar go dtí tiġ [teaċ] an dearḃráṫar agus do ċuaiḋ an stracaire isteaċ i dtiġ na bprátaí agus do líon sé an mála go maiṫ. Do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ an ḃainne agus d’árdaiġ leis meascán breaġ ime. Do ċuadar a [do] ḃaile go dtí an ḃean ḃoċt ḃí ag baile agus aduḃradar léiṫe corcán díoḃ sin do ċur síos do na leanḃaiḃ. Do ċuir agus ní baoġal go raiḃ aon ocras orra ag dul a [do] ċodlaḋ annsin. Nuair ṫáinig an dara hoiḋċe aduḃairt an stracaire le fear an tiġe éirġe agus teaċt leis arís. “Ó Dia le mo anam, a Ṡeáin,” arsa an ḃean, “nó croċfar ṫú.” “Dar fiaḋ féin,” arsa an fear eile, “ní ċroċfar an ḟaid ’s ḃead-sa in a ḟoċair.” Do ċaiṫ sé imṫeaċt leis agus do ċuadar go dtí an ṗáirc mar a raiḃ beaṫaiḋiġ, agus do ċas an stracaire leis an t-seafaid do b’ḟearr fuair sé, agus ba ġairid an ṁoill ḃí air dá marḃaḋ agus dá cur i gcóir agus aduḃairt le bean an tiġe a ndóṫain do ċur síos do na páistíḃ dí sin. Do ċuir, agus, má ċuir, ní gan eagla é.

Do ḃí iongantas ar ḃean an ḟir ṡaiḋḃir, mar do ḃí a ḟios aici iad do ḃeiṫ an-ḋealḃ, agus aduḃairt sí le n-a ṁáṫair ná feadar sí cad do ḃí aca nó cá raḃadar ag faġḃáil greim le n-iṫe nuair nár ḋíoladar an ḃó. “Ní ḟeadar,” ar sísin, “cionnas do ġeoḃaimís amaċ é.” “Ní ḟeadar i mbasa,” arsa an maháṫair. “Raġad-sa suas go dtí Briġid (.i. bean an ḟir ḃoiċt) agus fiafróċcaiḋ mé dí an leigfeaḋ sí ḋam an cófra do ċur isteaċ sa cístin, mar go ḃfuilmíd ċum ḃeiṫ ag bualaḋ an arḃair agus go mbeaḋ sé sa t-sliġiḋ ḋúinn. Ġeoḃair-se dul isteaċ ann, a ṁáṫair, agus cuirfead-sa an glas air. Cuirfiḋ