Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

CATI LÍNA SS !OOCVL D’ḟan sé féin beagán laeṫanta i ḃfocair Ċaius Flamiiiius Flamma i n-Arretium, ag gleusaḋ na ndaoine fé arm, mar gur h-iarraḋ orṫa roimis sin arm do. ġlacaḋ. Ansan do ṫáinig sé go longṗort Ṁanlius agus na fascana aige agus na neiṫe eile a ḃainean le forláṁas. Nuair a fuaraḋ amaċ an méid sin sa Róiṁ do ċin an tseanaid go mba naṁaid Catilína agus Manlius, agus do ceapaḋ lá do’n ċuid eile de’n tsluaġ ċun na n-arm do ċur uaṫa. Dá gcuiridís uaṫa na h-airm roimis an lá san do leogfí saor iad, aċ aṁáin aoinne n-a raiḃ coir ḃáis i n’ aġaiḋ, agus gur daoraḋ sa ċoir é. D’á éaġmuis sin do cineaḋ do sna Consulaiḃ slógaḋ ḋéanaṁ, agus ansan Antonius do ḋul i ndiaiḋ Ċatilína agus Cicero do ṫaḃairt aire do’n ċaṫair. Do réir mo ḃreiṫeaṁantais féin ní raiḃ an sgéal riaṁ ċóṁ h-olc ag stát na Róṁa agus a ḃí an uair ċéadna san. Ó eiriġe na gréine go n-a dul fé ḃí an doṁan go léir fé smaċt ár n-arm. Ḃí suaineas sa ḃaile againn agus saiḋḃreas líonṁar ag teaċt isteaċ ċuġainn, an dá ní is mó ag daoine. Agus fós ḃí Róṁánaiġ ann agus ḃí socair ’n-a n-aigne acu iad féin agus stát na Róṁa do ċomáint ar neaṁní. Mar, tar éis ḋá reaċt na seanaide, as an mór ṡluaġ san, níor ṫáinig oiread agus aoinne aṁáin ċun gnóṫaí na ceilge do noċtaḋ ná ċun na n-arm a ċur uaiḋ sar a dtiocfaḋ an lá. Ċaisbeáin san cad é an neart a ḃí sa droċ ní a ḃí tagaiṫe ar aigne a lán Róṁánaċ mar a ṫiocfaḋ pláig éigin. !OOCRÓL Agus níor ḃ’iad na daoine sin aṁáin a ḃí cionntaċ sa ċeilg go raiḃ a n-aigne