Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

N SS CATI LÍ N a ó ĊatiLína a fuair sé an Leitir. Seo macṡa- ṁail di :- !OOÉRT “ L. CatiLína ċun CatuLus, sláinte. Mar ġeaLl ar do ṁór ḋílse tá mo ṁuiniġin go láidir asat, i lár mo ġuaise, go ndéanfir an rud atá agam le h-iarraiḋ nuair a neósfad duit é. Ní h-aṁLaiḋ atá ceapaiṫe agam, mar ġeall air sin, aon ċosaint a ḋéanaṁ orm féin i gcóṁairle nua. Mo Leaṫsgéal atá agam Le gaḃáil Leat, agus ní mar ġeaLl ar aon ċoir ċionntaċ é, do réir mo ṫuisgiona féin, agus, dar dia na fírinne, ní miste Liom fios na fírinne atá ann do ḃeiṫ agat-sa. Do cráḋaḋ me le h-eugcóir agus Le tarcuisne. Do baineaḋ díom toraḋ mo ṡaoṫair agus mo ṫiúsgaiL agus níor tugaḋ dom an t-inead poibiLiḋe a ḃí ag dul dom le ceart. Ansan do ġaḃas páirt Leis na boċtaiḃ os cóṁair an tsaoġail mar is gnáṫ Liom. Ní h-aṁlaiḋ ná fuil ar mo ċumas na fiaċa atá orm am’ ainim féin do ḋíol as mo ṡealḃas féin. Na fiaċa atá orm i n-ainim aoinne eile do ḋiolfaḋ OrestilLa iad go fial as a seaLḃas féin agus a’ sealḃas a h-inġíne. Is aṁlaiḋ a ċonac daoine nár ḃ’fiú iad é, curṫa fé onóir, agus mé féin curṫa i Leiṫtaoiḃ tré ḋroċ aṁras ná raiḃ bunús leis. Ar an aḋḃar san iseaḋ ṫaraigeas ċuġam sliġe, atá maiṫ a ḋóṫin do’n ċás ’n-a ḃfuiLim-se, ċun an méid creideaṁna atá agam do ċimeád. Ba ṁaiṫ Liom tuilLe do sgrí aċ tá innste ḋom go ḃfuiLtear ar mo ṫí. Cuirim Orestilla ar do ċomairce-se anois, agus, mo ṡeasaṁ ort! Iarraim ort, mar is maiṫ Leat an raṫ a ḃeiṫ ar do ĊLAINN féin í sin do ċosaint ar ḋíoḃáil! Slán leat.”