Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

na Sá cati LÍ NA iompuiġṫe uainn. Ḃí an ċoitċiantaċt go léir, tré n-a ndúiL i n-aṫaraċ beaṫa, i ḃfaḃar do ġnóṫaíḃ Ċatilína. Isé nádúr na coitċiantaċta rud de’n tsórd san a ḋéanaṁ. I n-aon tsórd stáit is gnáṫ na daoine DEALḂA ag formad le daoine fóġanta, agus ag molaḋ an droċ ḋuine. Bíon fuaṫ acu do’n ḃeaṫa a ḃíon acu agus dúiL acu sa n-aṫarú. Le gráin ar an saoġal a ḃíon acu is do’n aṫarú a ḃíd siad ag obair. Ní ċuirean an suaṫaḋ ná an annriantaċt aon ḃuaireaṁ aigne orṫa. Ní baoġal do’n deaLḃ cailleaṁaint. aċ coitċiantaċt na caṫaraċ so, ċuadar san sa n-anaċainn ar fad agus ḃí mórán cúiseana leis. an ċéad ṗuínte ’ná ċéiLe ḋe, an ṁuinntir ba ṁó cáil droċ iompair agus droċ ṁúine ins gaċ aon ḂALL ; ansan, an ṁuinntir a ċailL a gcuid tré n-a míriaġaltaċt féin; ’n-a dteannta san; an ṁuinntir n-ar ḋíbir a ndroċ gníoṁarṫa nú a ḃfeiLeḃearta as a mbaiLtiḃ dúċais iad; isteaċ sa Róiṁ a ṫánadar go léir, fé mar a riṫean an t-uisge síosi mbun na Luinge. D’á n-éaġmais sin ḃí a lán n-ar ċuiṁin leó caṫréim ṠuLLa agus conus mar a ḃí fir ná raiḃ ionta ar dtúis aċ ṡaiġdiúirí singile agus do ṫáinig ċun ḃeiṫ ’n-a ḃfearaiḃ seanaide, agus ’n-a n-uaisLiḃ saiḋḃre, agus bia agus cóir ríoga orṫa. Ṁeas na daoine a ḃíoḋ ag cuiṁneaṁ ar na neiṫiḃ sin go mbeaḋ an sgéaL ar an gcuma gcéadna acu féin dá mbeaḋ caoi acu ar arm a ĠLACAḊ agus ar ḃuaċt- aint i gcogaḋ. Ansan, na fir óga a ḃí ag tuiLleaṁ a bpáiġ go cruaiḋ le sgLáḃaiḋeaċt, nuair a tugaḋ na breabana Ḋóiḃ go fial ṫánadar isteaċ sa ċaṫair mar a mbeaḋ dar leó, suaineas acu ó’n sgLáḃaiḋeaċt. Ḃí an t-olc poibiliḋe