Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

CATI LÍ N A SS go h-Apulia. Ċuir sé uaiḋ mar sin sa tímpal iad do réir mar a ṫuig sé ba ṁaiṫ ḋó. Ḃí mórán neiṫe aige féin ’á Ċur Ċun cinn sa Róiṁ; an Ċeilg do’n Ċonsul; na tóiteáin d’á n-ullṁú-; áiteana d’á gceapaḋ Ċun a ḃforḃaise le fearaiḃ armṫa. Ḃíoḋ arm aige féin, agus d’órduiġ ṡé do’n Ċuid eile arm a ḃeiṫ acu. Ḃíoḋ sé ’ġá ráḋ leó ḃeiṫ ullaṁ agus ar tinniol i gcóṁnuiġe. Ḃíoḋ sé ag ruiṫ ins gaċ treó do ló agus d’oiḋċe agus ní Ċuireaḋ obair ná easba codlata aon tuirse air. Fé ḋeire, nuair a ḃí an saoṫar go léir aige ’á ḋéanaṁ agus gan aon rud ag dul ċun cinn dó, Ċuir sé fios airís i lár na h-oiḋĊé ar ṫaoiseaċaiḃ na ceilge, tré Ṁ. Porcius Laeca. Ḋein sé a lán casaoide mar ġeall ar a neaṁ- imníoṁ. Duḃairt sé go raiḃ sé tar éis Manlius do ċur roimis ag triall ar an sluaġ a ḃí ullaṁ aige ċun arm a ġlacaḋ; go raiḃ daoine eiLe curṫa aige go h-áiteanaiḃ oireaṁnaċa eile Ċun an Ċogaiḋ do ṫosnú ; gur ró ṁian leis féin dul amaċ ag triall ar an sluaġ dá mbeaḋ Cicero curṫa Ċun báis aige ; go raiḃ an fear san ag cosg a ġnóṫaí go mór. !OTVuL Ḃí sgannra ar an gcuid eiLe acu agus iad i gcás ’dir ḋá Ċóṁairle, aċ do ġeaLl C. Cornélius, roidire RóṁánaĊ, go ndéanfaḋ sé féin rud éigin. Do ṡocaruiġ sé féin agus L. Varguntéius, duine de’n tseanaid, ar ḋul, tamal beag ’n-a ḋiaiḋ san, an oiḋĊe ċéadiia, maraon le fearaiḃ armṫa, go tiġ Ċicero, ’ġá ḟeuċaint mar ḋ’eaḋ, agus é ṁarḃú go h-oban, gan ċoinne aige Leó. Nuair a ṫuig Cúrius cad é an feaLl a ḃí le DéanAṁ ar an gConsul Ċuir sé FULVIA ag triall air, ’ġá innsint dó. Nuair í