Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

í. SÉ CATI LÍNA mbrise geaLlaṁna, i séanaḋ iasaċta fé ḋearḃú, i n-eolus ar ṁarbú duine. D’imṫiġ sí fiain, le rabairne, ċun dealḃais. Aċ ní raiḃ éirim a h-aigne go h-olc i n-aon ċor. Ḋeineaḋ sí filiḋeaċt. Ḃí sí deisḃéalaċ. D’ḟéadfaḋ sí laḃairt go banaṁail, nú go bog, nú go mí- náireaċ. Ḃí sí lán de ṡult agus lán de ġrean- ṁaireaċt. !OÉVL Ḃí an méid sin déanta ag Catilína, agus níor ċuir san é ó’n gConsulaċt do lorg i gcóir na h-aṫḃliana. Ḃí súil aige, dá gceaptí é, go ḃféadfaḋ sé ’a roġa úsáid a ḋéanaṁ d’Antónius. I gcaiṫeaṁ na h-aimsire níor ḟan sé socair. Ḃí sé coitċianta ag déanaṁ ceilge do Ċiceró, a d’iarraiḋ a ṁarḃuiġṫe. Aċ ḃí Ciceró gasta, glic a ḋóṫain dó ġá ċosaint féin air. Ó ṫusaċ a Ċonsulaċta, le mórán geallaṁna, tré Ḟulḃia úd a duḃramair, do ṁeall sé ó Ch. Cúrius eólus ar ġnóṫaíḃ Ċatilína. Ċuir sé a ċóṁ-ċonsul, Antónius, le socarú eatarṫa, amaċ ċun a ċúige, i dtreó ná beaḋ a aigne i gcoinniḃ an stáit, agus ċimeád sé gárda maiṫ d’á ṁuinntir féin agus d’á. ċáirdiḃ ’n-a ṫímpal féin a gan ḟios. Ṫáinig an lá ċun na gConsul do ṫoġaḋ. Níor toġaḋ Catilína. Ní luġa ná mar a ḋ’eiriġ leis sa ċeilg A ḃí déanta aige do sna Consuliḃ sa’ Ċampus. Ansan, nuair a ḃí an t-uisge-fé-ṫalam gaḃṫa ’n-a ċoinniḃ ċóṁ tiubaisteaċ, ṡocaruiġ sé ar ar gcogaḋ do ṫosnú, pé deire ḃeaḋ air dó. !OÉRAL Ċoṁáin sé C. Manlius go Faesulae agus go dtí an ṗáist sin d’Etrúria. Ċomáin sé fear d’ár ḃ’ainim Septimius, fear ó Ċamerinum, go tír ṗicénum. Ċuir sé C. Iulius