Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

N SS CATI LÍN A a ṫánadar-san ḃí an dorus daingean agus do ṫeip an droċ ġníoṁ. Sa n-am gcéadna ḃí Manlius i n-Étrúria ag gríosaḋ na ndaoine, agus iad féin dúilṁar go - leór i n-aṫaraċ beaṫa, toisg an dealḃas a ḃeiṫ orṫa, agus an ḟearg mar ġeall ar an eugcóir a deineaḋ orṫa nuair a ċailleadar a gcuid tailiṁ agus a raiḃ an tsaoġal acu tré ḟorLáṁas Ṡulla. Ḃí a lán biṫeaṁnaċ sa tír sin an uair sin agus ċrom sé ar iad san, leis, do ṁeallaḋ ċuige. Agus ḃí cuid de ḃrúgaiḋiḃ Ṡulla aige á ṁeallaḋ -ċuige, daoine n-a raiḃ foġail ṁór na gcogaí caiṫte acu le pléisiúr agus le rabairne. !OCOĠ Do h-iiinseaḋ na neiṫe sin do Ċiceró. Ansan ḃí an dá olc ag brúṫ i n-aonḟeaċt air. Ṫuig sé nár ḃ’ḟéidir, níba ṡia, an ċaṫair do ċosnaṁ le n-a ḃainistiġe féin, agus ’n-a ṫeannta san ná raiḃ ḟios aige le cruinneas an mór an armáiL a ḃí ag Manlius ná cad é an fuadar a ḃí fé. Is é rud a ḋein sé ’ná an sgéal do ċur i gcóṁairle na seanaide, agus ḃí an tseanaid buarṫa go maiṫ ċeana féin, tré ráflaíḃ. Dá ḃríġ sin, an rud ba ró ġnáṫ a ḋéanaṁ i gcruaḋ- ċás ṗoibiliḋe, do deineaḋ an reaċt, “ na Consuil do ṫaḃairt aire ná tiocfaḋ aon droċ níḋ ar an stát.”’ Siní an ċóṁaċt is mó a ṫugan an tseanaid do sna Consulaiḃ do réir nós na Róṁa. Cuirean sí ar a gcumas slógaḋ ḋéanaṁ ; dul ċun cogaiḋ ;a ndaoine féin agus na cáirde cogaiḋ do smaċtú ar gaċ aon tsaġas cuma ; an fórláṁas is aoirde d’oibiriú agus an ḃreiṫ is aoirde do ṫaḃairt, amuiċ agus i mbaile. Gan an reaċt san ní’l a ċeart ag Consul aon níḋ de sna neiṫiḃ sin a- ḋéanaṁ, mara mbeiḋ órdú an ṗobuil aige ċuige.