Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
7
CATILÍNA

raiḃ an ċolan lag acu le h-aois aċ an aigne láidir acu le h-eólus. Mar ġeall ar a n-aois, nú mar ġeall ar a ndualgas, “Aiṫreaċa” a tugtí orṫa san, ’N-a ḋiaiḋ san, nuair a ḋ’iompuiġ an ċóṁaċt ríoga, ó ḃeiṫ ’n-a cosnaṁ do ṡaoirse daoine agus ’n-a h-aḋḃar meuduiġṫe do’n stát, ċun uaḃair agus ċun tíorántaċta, do deineaḋ aṫarú. Do socaruiġeaḋ ar an ímpireaċt a ḃeiṫ bliantaṁail agus ar ḃeirt a ḃeiṫ sa n-ímpireaċt. Do tuigeaḋ gur ar an gcuma san ba Luġa ba ḃaoġal an t-uaḃar a ṫagan i n-aigne an duine nuair a ḃíon sí gan smaċt.


VII. An uair sin, áṁṫaċ, iseaḋ do ḋíriġ gaċ duine ar é féin do ċur i n-iúil agus ar pé éirim aigne a ḃí aige do ċur i ḃfeiḋm. Is aṁlaiḋ mar a ḃíon an sgéal ag riġṫiḃ bíon eagla acu roimis na fearaiḃ fóġanta níos mó ’ná roim ḋaoine gan ṁaiṫ. Is eagal leó i gcóṁnuiġe éirim aigne i nduine eile. Mar sin, nuair a fuair an stát an ḟuasgailt níor ḃeag d’iongna an ḃreis a ċuaiḋ air i mbeagán aimsire; ṫáinig a leiṫéid sin de dúili mór ċlú ag gaċ aoinne. An uair sin iseaḋ ṫosnuiġ fir óga ar ċlaoiḋe le sgláḃuiḋeaċt agus le h-obair ċogaiḋ i n-aonḟeaċt. D’ḟoġlumuiġdar obair an ċogaiḋ le taiṫiġe, sa longṗort; agus ba ṁó a ndúil i n-airm ġreanta agus i n-eaċra cogaiḋ ’ná i méirdreaċaiḃ agus i gcóisiríḃ. Dá ḃríġ sin ní raiḃ cruaḋtan ná raiḃ taiṫiġe acu air; ní raiḃ áit ar biṫ a ḃí ró aċaranaċ ná ró anacair dóiḃ; ní raiḃ naṁaid le fáġail dob’ eagal le n-a leiṫéidíḃ. Do ḃuaiḋ neart a n-aigne ar gaċ aon rud. Ḃíoḋ formad ana ṁór eatarṫa féin i dtaoḃ mór ċlú. Ḃíoḋ gaċ