Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
6
CATILÍNA

ar ndiaiḋ ċun cuiripṫeaċta agus ċun uilc ṫar na beartaiḃ.


VI. Do réir na tuairisge a fuaras-sa is cuid de ṁuinntir na Trae, agus iad ag imṫeaċt ó áit go h-áit fé Aenéas, do ṫáinig, fé ḋeire, agus do ċuir suas caṫair na Róṁa agus do ċóṁnuiġ inti; agus ḃí i n-aonḟeaċt leó sa n-obair muinntir na tíre, na h-Aborigines, luċt tuaṫa, gan dliġṫe, gan riaġaltas, saor gan ċeangal. Táinig an dá ṫreaḃċas daoine sin ċun cóṁnuiġṫe sa n-aon ċaṫair aṁáin agus iad bun os cionn le n-a ċéile i ndúċas, i n-urlaḃra, i nósaiḃ, agus, rud is fíor iongantaċ, do ḋein aon náisiún aṁáin díoḃ. Aċ d’ḟás dóiḃ saiḋḃreas, agus slóiġte, agus deaġ-nósa, agus sealḃas talṁan, i dtreó go raḃadar raṫṁar, cóṁaċtaċ. Ansan, mar is gnáṫ, do ṡíolraiḋ formad a’ saiḋḃreas. Ṫosnuiġ riġṫe agus geinte ’n-a dtímpal ar ċogaḋ do ċur orṫa. Ṫáinig rainnt ḃeag cáirde ag caḃrú leó. D’ḟan an ċuid eile d’á gcáirdiḃ ar a suaineas, le h-eagla roim ċontaḃairt. Aċ ḋein na Róṁánaiġ an t-imníoṁ go dian amuiċ agus i mbaile, ag brostú, ag ullṁú, ag gríosaḋ a ċéile. Ṫugadar aġaiḋ ar gaċ naṁaid. Do ċosanadar le faoḃar a n-arm a dtír, a saoirse, a n-óg agus a n-aosda. Ansan, nuair a ḃí buaiḋte agá neart ar gaċ contaḃairt, ṫugadar caḃair d’á gcáirdiḃ agus d’á gcóṁarsanaiḃ. Agus do ṫuilleadar caradas le bronnaḋ maiṫeasa níos mó ’ná le glacaḋ maiṫeasa.

Riaġaltas do réir dliġe iseaḋ ḃí acu, agus ríġeaċt mar ainim air. Bí toḃṫa acu mar luċt cóṁairle, ar ṁaiṫe leis an ríaltas, daoine n-a