Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
8
CATILÍNA

fear a d’iarraiḋ tusaċ a ḃeiṫ aige féin ar an naṁaid do ḃualaḋ, ar ḋul i mbarr fala, ar ġníoṁ de’n tsórd san do ḋéanaṁ i raḋarc daoine. Ba ṡaiḋḃreas leó na neiṫe sin, ba ṁór ċlú leó iad, ba ṁór uaisleaċt leó iad. Ḃí dúil i molaḋ acu. Do rainnidís a saiḋḃreas go fial. Árd ċlú a ḃí uaṫa, agus saiḋḃreas macánta. D’ḟéadfinn a ḋ’innsint cad iad na h-áiteana ’n-ar ċuir rainnt ḃeag Róṁánaċ an ruag ar ṡlóiġtiḃ móra naṁad, cad iad na caṫaraċa a ḃí daingean do réir nádúra agus gur ṫóg na Róṁánaiġ iad le corp nirt cóṁraic, aċ do ḃéarfaḋ san ró ḟada me ó’n níḋ atá curṫa róṁan agam.


VIII. Aċ go deiṁin isé an t-Áḋ do riaġlan gaċ níḋ, agus is miniciġe a ḋeinean an t-Áḋ gealaḋ nú dorċú ar gaċ níḋ do réir mar is áil leis féin ’ná do réir mar is ceart. Mar a ṁeasaimṡse, ḃí imṫeaċta na n-Ataénaċ raṫṁar réimeaṁail go leór, bíoḋ ná raiḃ a réiṁ ná a raṫ cóṁ mór agus a deirtear, áṁṫaċ. D’eiriġ sa n-áit sin sgríḃneóirí éaċtaċa agus siné an rud a ċuir ’n-a luiġe ar an ndoṁan go léir gníoṁarṫa na n-Ataénaċ a ḃeiṫ ċóṁ mór. Fuair na daoine a ḋein na gníoṁarṫa clú ċóṁ h-árd leis an molaḋ a ḋ’ḟéad éirim ṁór aigne do ṫaḃairt ar na gníoṁarṫaiḃ. Aċ ní raiḃ an coṫram sgríḃneóirí sin riaṁ ag muinntir na Róṁa; mar an t-e ba ṁó éirim isé ba ṁó a ḃíoḋ sáiḋte i n-obair. D’oibriġeaḋ gaċ aoinne a ċorp agus a aigne i n-aonḟeaċt. Gaċ fear d’á ḟeaḃas, ba ṫúisge leis obair a ḋéanaṁ ’ná cainnt. Ba ṫúisge leis cáċ a ḃeiṫ ag molaḋ a ġníoṁarṫa ’ná é féin a ḃeiṫ ag molaḋ gníoṁarṫa ċáċ.