Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

17

AN FEAR A VEARACH É FÉN.

I.

Fear a ví ’na chóny a Mleáclieh, fear deas ceaunsa dahúil. Ní eadar-sa fén cé’r díov é, ná cár v’as dó, ach is minic a chíng é agus mi am chôny sa chahir fadó. Do ví post breá bog ige fé’n Rialtas Gaulda, agus víoch shé ag obuir sa chuishleán úd er a dugtí nead na celigi. Ní eaca ryav é gan cluihiàduig deas er do rér an aishing, agus bróga deasa agus sdocy agus cluig orha. Víoch shé piucuihi beárha a gôny.

Tránhóna dá rous a gafé áirihi ag ól cupán té er mo hueneas, cé hucach ishdeach ach é fén agus cailín deas lena chosh. Er ávary an täl do hig shé chun búird tamal beog anún uem a dreo go roiv lán mo ghá húl de rayrc agùm er. Do hugas fé neara an tránhóna san a chúramy a ví shé i däv a iàchuinti fén. An folt duv er a cheaun ví shé sguabuihi shiar óna iàdan go dí n-a chúl, agus ní roiv fás ghá lá er a smig marab ionan agus mishi. Diàrhing go mearach shé é fén er maidin agus um hránhóna, ví shé chó glan san.

Tamal ’na ghie san do cuireag go baili beog a n-iarhar na Hérean er ghnó an Rialtuish é. Do ví doirihacht na híhi aun nuer a hrosh shé an baili beog. B’é an chiàd uer ryav ige a n-áit mar shin é. Do chuir shé fé a digósda veog ig ceaun na sráidi bigi, agus nuer a ví an sipéar iti ige do chue shé a chola mar ví shé tuirshàch go mah tar ésh a lá.