Jump to content

Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/22

From Wikisource
This page has been proofread.

18

Nuair eirigh sé ar maidin lar na mháireach do ghlaoidh sé ar an gcailín aimsire agus dubhairt léi uisce te a thabhairt chuige chun go mbearrfadh sé é féin. An fhaid a bhí an cailín ar lorg an uisce bhí seisean ag cuardach a mhála, ach ní raibh tásc ná tuairisc an rásúir ann. Is amhlaidh fhág sé ’na dhiaidh i gan fhios do féin é.

—Is cuma é, ar seisean, raghad amach go tig an bharbóra agus gheofhad bearradh maith ansan.

D’imthig sé amach agus do bheannaigh sé don chéad duine a bhuail uime.

—An bhféadfá innsint dom, ar seisean, cá bhfuil tig an bharbóra?

—Tig an bharbóra! arsan duine eile, agus iongna air.

—Seadh, ar seisean, tig an bharbóra, an tig mar a mbaintear an fheasóg de dhuine.

—Ach, arsan fear eile, níl a leithéid sa bhaile seo in aonchor, bearrann gach éinne é féin anso, agus d’iompaigh sé ar a sháil agus d’imthig sé.


II.

Do bhí an duine uasal ó Bhaile Átha Cliath i gcruadh chás. Bhí fás maith gruaige air a chorrán agus ní bheadh sos ná suaimhneas aige go dtí go mbainfidhe dhe é. Do lean sé dhe ag siubhal na sráide féachaint an mbuailfadh éinne uime a inneosadh dó cá bhfaghadh sé fear a bhearrfadh é. Do chonaic sé fear óg ag teacht fé ’n-a dhéin. Nuair a dhruideadar le chéile do stad sé é.

—B’fhéidir go bhféadfá innsint dom, ar seisean leis, cá bhfaghainn duine a bhearrfadh me.

—Ní sa chathair ataoi anois, ersan fear óg leis an stróinséar níl aon tsiopa bharbóra sa bhaile bheag so.