16
AN FEAR A BHEARRADH É FÉIN
I.
Fear a bhí ’na chomhnaighe i mBaile Átha Cliath, fear deas ceannsa dathamhail. Ní fheadar-sa féin cé’r díobh é, nú cár bh’as do, ach is minic a chidhinn é agus me im chomhnaighe sa chathair fadó. Do bhí post breagh bog aige fé’n Rialtas Gallda agus bhíodh sé ag obair sa chaisleán úd ar a dtugtí nead na ceilge. Ní fheaca riamh é gan cluith-éaduig deas air do réir an fhaisinn, agus bróga deasa agus stocaí agus cluig ortha. Bhíodh sé piocaithe bearrtha i gcomhnaighe.
Tráthnóna dá rabhas i gcafé áirithe ag ól cupán té ar mo shuaimhneas cé thiocfadh isteach ach é féin agus cailín deas lena chois. Ar ádhbharaighe an tsaoghal do shuidh sé chun búird tamal beag anonn uaim i dtreo go raibh lán mo dhá shúl de radharc agam air. Do thugas fé ndeara an tráthnóna san a chúramaighe a bhí sé i dtaobh a fhéachainte féin. An folt dubh ar a cheann bhí sé scuabtha siar ó n-a éadan go dtí n-a chúl, agus ní raibh fás dhá lá ar a smig marab ionnan agus mise. Déarfainn go mbearradh sé é féin ar maidin agus um thráthnóna, bhí sé chomh glan san.
Tamal ’na dhiaidh san do cuireadh go baile beag i n-iarthar na hEireann ar ghnó an Rialtais é. Do bhí doircheacht na hoidhche ann nuair a shrois sé an baile beag. B’é an chéad uair riamh aige i n-áit mar sin é. Do chuir sé fé i dtig ósta bheag ag ceann na sráide bige, agus nuair a bhí an suipéar itte aige do chuaidh sé a choladh mar bhí sé tuirseach go maith tar éis an lae.