Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

15

Do ghlac sgâura an Vayintireach vocht agus nuer a gläg erhi níor iad shí louirt.

—Vuil än reagara agùt? ersan Brehav, ach ní vuer shé focal uehi.

—Túir cróing dom er shishan.

Do chuir an Vayintireach a láv ishdeách ’na brolàch agus do hairig shí amàch ciarsúir sbotuihi. Do sguíl shí snuím a ví er chúingi an chiarsúra agus do hóg shí amàch an t-än físa cróingeach aváin a ví er a säl ici agus go vuer shí a lán dá ghua á chur le chéli. Do hug shí don Vrehav é, agus ba ghó leat gur vrän d’uil a cry a ví ag imeàcht uehi.

Do hóg an Brehav an chróing uehi agus do chah shé er a mínshi í, agus do lém cry an Sbriúnlóra le háhas nuer airi shé glór an airigid.

—Shea, ersan Brehav lesh a Sbriúnlóir, do chuirish an ghadycht a leh an chailín shin. Dá ngoideach shí cuid ded lachuin, do húrhing an chróing shin doit. Níor hóg shí uet ach baluihi na lachan agus ní vayir de chúiteav ach glór na cróingeach san, agus do hug shé an chróing har n-aish don Vayintirig.

Do hleâunuig an Sbriúnlóir amàch as a gúirt agus náiri er agus na côrsin a gáirí agus a maga fé.