Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

14

Do ghlac scannradh an Bhaintreabhach bhocht agus nuair a glaoghadh uirthe níor fhéad sí labhairt.

—Bhfuil aon fhreagradh agat? arsan Breitheamh, ach ní bhfuair sé focal uaithe.

—Tabhair coróinn dom, ar seisean.

Do chuir an Bhaintreabhach a lámh isteach ’na brollach agus do tharaigh sí amach ciarsúir spotuithe. Do scaoil sí snaidhm a bhí ar chúinne an chiarsúra agus do thóg sí amach an taon phíosa coróinneach amháin a bhí ar an saoghal aice, agus go bhfuair sí a lán dá dhuagh ghá chur le chéile. Do thug sí don Bhreitheamh é agus ba dhóigh leat gur bhraon d’fhuil a croidhe a bhí ag imtheacht uaithe.

Do thóg an Breitheamh an choróinn uaithe agus do chaith sé ar an mbinnse í, agus do léim croidhe an Sprionnlóra le háthas nuair a airigh sé glór an airgid.

—Seadh, arsan Breitheamh, leis an Sprionnlóir, do chuiris an ghadaidheacht i leith an chailín sin. Dá ngoideadh sí cuid ded lachain, do thabharfainn an choróinn sin duit. Níor thóg sí uait ach baluith na lachan, agus ní bhfuighir de chúiteamh ach glór na coróinneach san, agus do thug sé an choróinn thar n-ais don Bhaintreabhaigh. Do shleamhnaigh an Sprionnlóir amach as an gcúirt agus náire air agus na comharsain ag gáirighe agus ag magadh fé.