Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

37



49A haeirde ceart, má ṁeas me díreaċ,
Sé nó seaċt de ṡlata is fuiḋlaċ,
51Péirse beaċt dá brat ag sraoilleaḋ
Léi san tslab le drab is ríoball.
53Ba ṁuar ba ṁéaḋar ba fiaḋain le féaċaint
Suas ’n-a héadan créaċtaċ créimeaċ,
55Ba anfaḋ ceanntair, scannraḋ saoġalta,
A draid ’s a drandal mantaċ méirscreaċ.
57A rí gaċ máḋ! ba láidir líoṁṫa
A bíoma láiṁe is lánstaf innti,
59Coṁarṫa práis ’n-a ḃarr ar spíce
Is coṁaċta báille in áirde air scríoḃṫa.
61Aduḃairt go dorrḋaċ d’ḟoclaiḃ dána:—
Múscail! corruiġ! a ċodlataiġ ġránna;
63Is duḃaċ do ṡliġe ḃeiṫ sínte it ṡliasta
Is cúirt ’n-a suiḋe is na mílte ag triall ann;
65Ní cúirt gan aċt gan reaċt gan riaġail
Ná cúirt na gcreaċ mar ċleaċt tu riaṁ
67An ċúirt seo ġluais ó ṡluaiġte séiṁe—
Cúirt na dtruaġ na mbuaḋ is na mbéiṫe.
69Is muar le maoiḋeaṁ ar ṡíolraċ Éiḃir
Uaisle síḋe mar ṡuiḋdar d’aonġuṫ
71Ḋá lá is oiḋċe ar ḃinn an tsléiḃe
I bpálás ḃuiḋnṁar Ḃruiġean Ṁaiġe Gréine.
73Is daingean do ġoill sé ar ṡoillse an ríog
’S ar ṁaiṫiḃ a ṫeaġlaiġ ṫaiḋḃsig síḋe,