Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

38



75’S ar uiṁir na buiḋne ḃí ’n-a ndáil
Mar d’imṫiġ gaċ díṫ ar ċríoċaiḃ Fáil—
77Gan sealḃ gan saoirse ag síolraċ seanda,
Ceannus a ndliġe ná cíos ná ceannṗoirt,
79Scriosaḋ an tír is ní’l ’n-a ndiaiḋ
In inad na luíḃna aċt flíġeaċ is fiaḋail;
81An uaisle b’ḟearr ċum fáin mar leaġdar
Is uaċtar láiṁe ag fáslaiġ ṡaiḋḃre,
83Ag feallaḋ le fonn is foġail gan féaċaint
D’ḟeannaḋ na loḃar ’s an lom dá léirscrios.
85Is doċraċ dúḃaċ mar ḋiuġa gaċ daoirse
Doilḃe dúr i ndúḃċeilt dliġṫe
87An fann gan feiḋm ná faġaiḋ ó éinne
Aċt clampar doiṁin is luiġe ċum léirscrios,
89Fallsaċt fear dliġe is faċtnaiḋe árdnirt,
Cam is calġais failliġe is fáḃar,
91Scamal an dliġe agus fíorḋaṫ fannċirt,
Dallaḋ le bríb, le fee ’s le fallsaċt.
93 Farra gaċ fíor, is fuiḋeall níor fágaḋ,
Dearḃaḋ díble ar Ḃíobla an lá san
95Cúis dar ndóiġ ná geoḃairse saor tríd,—
Cnú na hóige ḋá feóiḋ le faolrus
97Is easnaṁ daoine suiḋte ar Éire—
Do ṁeaṫ let ċuiṁne an síolraċ daonna;
99Is folaṁ ’s is tráiġte fágaḋ tíorṫa,
An cogaḋ is an bás gan spás dá ndíogaḋ,