Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

36



23Ar maidin indé ḃí an spéir gan ċeó,
Ḃí Cancer, ón ngréin, ’n-a caorṫaiḃ teó
25Is í gaḃṫa ċun saoṫair tar éis na hoiḋċe
Is obair an lae sin réimpi sínte.
27Ḃí duilleaḃar craoḃ ar ġéaga im ṫimċeall,
Fiorṫann is féar ’n-a slaoda taoiḃ liom,
29Glasraḋ fáis is bláṫ is luiḃna
Scaipfeaḋ le fán dá ċráiḋteaċt smaointe.
31Do ḃí me corṫa is an codlaḋ dom ṫraoċaḋ,
Do ṡíneas ṫorm ar coṫrom sa ḃféar ġlas
33In aice na gcrann i dteannta trínse,
Taca lem ċeann ’s mo hannlaí sínte.
35Ar ċeangal mo ṡúl go dlúṫ le ċéile,
Greamuiġṫe dúnta i ndúḃġlas néallta,
37Is m'aġaiḋ agam foiliġṫe ar ċuiliḃ go sásta
I dtaiḋḃreaṁ d’ḟuiling me an cuiliṫe cráiḋte
39Do ċorruiġ do lom do ṗoll go hae me
Im ċodlaḋ go trom gan ṁeaḃair gan éirim.
41Ba ġairid mo ṡuan ’nuair ċuala, ṡaoil me,
An talaṁ magcuairt ar luascaḋ im ṫimċeall
43Anfaḋ a dtuaiḋ is fuadaċ fíoċṁar
Is calaiḋ an ċuain ag tuargain teinte;
45Siollaḋ ḋem ṡúil dar ṡaṁlaiġeas uaim
Do ċonnarcas ċuġam le ciuṁuis an ċuain
47An ṁásaċ ḃolgaċ ṫolgaċ ṫaiḋḃseaċ
Ċnáṁaċ ċolgaċ ġoirgeaċ ġaiġdeaċ;