Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

35

Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe.

I.

1Ba ġnáṫ me ar siuḃal le ciuṁuis na haḃann
Ar ḃáinseaċ úr ’s an drúċt go trom,
3In aice na gcoillte i gcoim an tsléiḃe
Gan ṁairg gan ṁoill ar ṡoillse an lae.
5Do ġealaḋ mo ċroiḋe nuair ċínn Loċ Gréine,
An talaṁ, an tír, is íoġar na spéire
7Taitneaṁaċt aoiḃinn suiḋeaṁ na sléiḃte
Ag bagairt a gcinn tar druim a ċéile.
9Ġealfaḋ an croiḋe ḃeaḋ críon le cianta—
Caiṫte gan ḃríġ nó líonta ’e pianta—
11I séiṫleaċ searḃ gan sealḃ gan saiḋḃreas
D’ḟéaċfaḋ tamall tar ḃarra na gcoillte
13Ar laċain ’n-a scuainte ar ċuan gan ċeo,
An eala ar a ḃfuaid ’s í ag gluaiseaċt leó,
15Na héisc le meiḋir ag éirġe in áirde
Péirse im raḋarc go taiḋḃseaċ tárrḃreac,
17Daṫ an loċa agus gorm na dtonn
Ag teaċt go tolgaċ torannaċ trom,
19Ḃíoḋ éanlaiṫ i gcrainn go meiḋraċ móḋṁar,
Léimneaċ eilte i gcoillte im ċoṁgar,
21Géimneaċ aḋarc is raḋarc ar ṡlóiġte,
Tréanriṫ gaḋar is Reynard rompu.