Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

25

Loca Gréine do ḃí suiḋe ar a scoil nó ar a áit ċoṁnuiḋṫe .i. i ndúṫa Ṁaenṁaiġe isan ċuid is íoċtraiġe d’Uiḃ Maine na seanaimsire.

An paróiste is mó i gcondae an Ċláir paróiste na Fiacaile: oċt míle a ḟaid, agus an cóiṁreaṁ céadna nó geall leis ina leiṫead. Ḃí go mór os cionn oċt míle duine ann i mbliaḋain a 1821, agus oċt gcéad leanḃ ar scoil ann trí bliaḋna ina ḋiaiḋ san.14 Trí fiċead éigin de ḃailtiḃ fearainn ann n-a ḃfuil an focal “doire” fiġte ina n-ainmneaca,15 agus dá réir sin ḃí coillte go tiuġ isan dúṫa anallód, ċoṁ fada siar, b’éidir, le buaḋair a 1580 nuair ba le Doṁnall Riaḃaċ Mac Conmara caisléan na leaṫċeaṫraṁan is caisleán an leaṫġoirt.

Do b’anṡocair fiaḋain gáḃtraċ gortaċ an áit sin an Ḟiacail tráṫ ṫáinig Brian innti. Ní raiḃ ann bóṫar mín ná réiḋċonair cóiste go cionn trí fiċid bliaḋain ón ló san.16 Coṫrom coróin an t-acra an cíos do ḃí ar ṫalaṁ idir ṁaiṫ is saiṫ i gCo. an Ċláir ar fad, agus ḃí dúṫaí móra ann ná raiḃ pinginn an t-acra air .i. Barúnaċ Ḃoirne agus mar gaḃann soir is soir ó ṫuaiḋ, agus roinnt eile cois béil Sionna go Léim Ċonċulainn amaċ, aċt ní ḃaineann an cur síos san leis an límistéireaċt úd oirṫear Ḃarú- naige na nOileán, agus íoċtar Ḃunraite. Gaḃáltuis anṁóra is gaḃáltuis anḃeaga do ḃí i dTuaḋṁuṁain an uair sin. Ḃíoḋ na mílte is na mílte acra ag fear acṁuinneaċ agus gan ar an dtalaṁ san go Léir aċt eallaċ dá raṁruġaḋ i gcoṁair an aonaiġ féiḃ mar atá isan Miḋe indiu, aċt go mbainidís fiúd anaċuid féir ċum coṫuiġṫe beiṫiḋeaċ ar feaḋ an ġeiṁriḋ. Is iad do ḋéineaḋ saoṫruġaḋ is cur ná na feirmóirí ná bíoḋ de ċíos orṫa aċt fice púnt agus as san go dtí céad púnt, nó scológa is scláḃuiḋṫe do geiḃeaḋ beagán acraí talṁan mar éiric