Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

24

Do ċuarduiġeas féin go mion mórċóiṁreaṁ na bliaḋna 1821 agus ní ráinig Liom aon daonnaiḋe aṁáin ar an sloinne Merriman isna paróistíḃ seo leanas:— Cluain Í, Duḃḋoire, Inis Crónáin, Mainistir an Ċláir, Cill Reaċtais, Cuinċe, Dromcliaḃ, Cill Ṁáille, Cill Eóin, Díseart, Eiḋneaċ, Cill na Móna, Cill Inġine Baoiṫ, Cill Ċríost, Cill an Dísirt, Cill Ṁuire, Cill Ṁuire Uí Ḃreacáin, Cill Ṁiċíl, Cillfearbaoiṫ, Cill Árd.

Ná i gCluan dá Ġad ní raiḃ duine aca, ná puinn de ṫreiḃ na Con aċt an oiread. Is greannaṁar an scéal le hinnsint é go raiḃ slioċt Conmara níos líonṁaire in aon ḃaile fearainn aṁáin i gCo Luimniġ .i. An Ṗáirc, ar imeall na caṫraċ, ná mar do ḃí in aon ṗaróiste dá ḃfuil luaiḋte agam annsúd!

Táimíd ċoṁ dall ar óige Ḃriain is táimíd ar a aṫarḋa, aċt ṫiocfaḋ go ḃfaġmís eólus fós ar an dá scéal.

Ní fios dúinn cá ḃfuair sé foġluim ná cér ḃ’é a oide múinte. Is minic gur fé réir sagairt do ḃíoḋ daltaí léiġinn isan am san i dTuaḋṁuṁain, dála gaċ ceanntair eile. Dá mb’é bliaḋain a 1821 féin é, ḃí daltaí dá riaraḋ ag Seán mac an Airċinniġ an sagart paróiste do ḃí ar Ṁainistir an Ċláir. Ḃí triúr aca ina gcoṁnuiḋe in aon tiġ leis, agus ċonnarc isan áireaṁ go raiḃ ar lóistín ag Doṁnall Mac Conmara ar liosán an Ċnuic Ṁaoil óigḟear dar ḃ’ainm is sloinne Maṫġaṁain Ó Cléiriġ (23) adtuas ó Ṡligeaċ i gConnaċtaiḃ! ‘Mac Léiġinn atá ar scoil’ ṫugann an cunntus air, agus ón Aṫair Seán do ḃí sé ag foġluim do réir ḋeallraiṁ. Aċt ní dóċa gur ar scoil sagairt do ċuaiḋ Brian má’s fíor an seanḟocal úd mar adeir “Gaċ dalta mar oiltar!”

I dtaca na bliaḋna 1770 do ṫáinig Brian isan ḃFiacail, má’s áireaṁ cruinn é seo atá déanta agamsa. Ar ċoṁgar