Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

23

láiṁ leis an ḃFiacail atá coṁnuiḋe air, deir sé gur Bryan Merryman ṫugaḋ a aṫair féin do rugaḋ i mbl. a 1796,9 ar uġdar na ‘Cúirte.’ Donnċaḋ Ó Dálaiġ i nDoire Ḃinne an fear mir leis indiu an ḟeirm ṫalṁan do ḃí ag Brian ’sé an scéal céadna aige é. Ḃaitéar Ó Maolḋoṁnaiġ atá le tamall ar ṡliġe na fírinne, taoḃ le Loċ Gréine do tógaḋ é: duḃairt sé go raiḃ féin is Séamus, a ṁac, ag caint suim ḃliaḋnta óċoin i gcaṫair Luimniġ le seanduine n-a raiḃ cruinnaiṫne aige ar ‘Bryan Merryman’ agus is é d’innis dóiḃ cionnus d’éag an fear boċt. Tá Séamus féin ar ṡluaġ na marḃ le trí ráiṫe—74 do b’aois dó.

Ní dóċa gur gáḃa ḋam cúrsaí sloinne Ḃriain do ṡiuḃal níos géire den ċor so, aċt ċum go ḃfaġmís é ċur i leitreaċaiḃ Gaeḋilge scríoḃfad feasta Brian Merriman, féiḃ mar atá agam ar ċeann na haiste seo.

Ní’l aṁrus ar biṫ ná gur i gcondae spéiráluinn Ċláir Tuaḋṁuṁan do ḃí ceartaṫarḋa Ḃriain, aċt ní fuiris an t-inad cruinn d’aimsiuġaḋ. Paróiste Ċluan dá Ġad do luaiḋ Sean Ó Dálaiġ10 fadó ina ċoṁair, aċt duḃairt gur i mBarúnaiġ Ċluan idir ḋá lá atá an áit sin, cé naċ eaḋ aċt i mBarúnaiġ na nOileán, anois is riaṁ! Cloisim óm ċaraid léaġanta Miċeál Ó Gríoḃṫa .i. “Cos Obann” ó Ċluan dá Ġad, ná habrann éinne annsúd gurḃ ón bparóiste sin do Ḃrian!

Paróiste Ċill Ṁiċíl aduḃairt an Canónaċ Ó Duiḃir go maol,11 agus scríḃneóirí eile mar aon leis, aċt ní’l éinne san áit sin dá éileaṁ ná dá ṁaoiḋeaṁ!

Is deacair suiḋeaṁ gurab i gceaċtar den dá ṗaróiste sin do rugaḋ Brian.

’Ceanntar na Fiacaile’ aduḃairt Seán Ó Donnaḃáin,12 agus do rinn Séamus an tSeaca (Frost) aiṫris air,13 aċt ní dóiġ liom go raiḃ pioc den ċeart aca isan méid sin.

C