Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

22

ndearnaḋ tagairt i roinn scríḃne ón uair sin a leiṫ do Ḃrian Mac Giolla Meiḋre. Sin é tuairim Standis H. Ó Gráda, agus is dóiġ liom gur aige atá an ceart.3 An leaḃar is seanda atá os mo ċoṁair .i. an ceann do rinn Seán mac Searraiġ, an dara lá de ṁí na Saṁna 1792 .i. céad is naoi mbliaḋna déag óċoin i gcóiṁreaṁ an lae indiu,4 Bryan Merryman ṫugann ar an uġdar, agus ḃí Brian féin beó bríoġṁar i bparóiste na Fiacaile an tráṫ san, agus trí bliaḋna ina ḋiaiḋ san do rugaḋ duine dá ċlainn inġean.5

I mbliaḋain a 1821 do rinneaḋ mórċóiṁreaṁ, nó census, ar ḟuirinn na hÉireann: do háirṁiġead baintreaḃaċ Ḃriain ar áireaṁ ṗaróiste Ṁuire i gcaṫair Luimniġ; ‘Catherine Merryman’ do fuaireas ann, agus í ina coṁnuiḋe i Sráid Ṁuire, uiṁir a 48, i dteannta Ċaitlín a hinġean do ḃí pósta ag Miċeál Ó Riain, táiliúir.6 Do baisteaḋ mac leis an lánaṁain sin ceiṫre lá tar éis Nodlag na bliaḋna 1820, agus cad é an ainm a ṫugadar air aċt Brian .i. ainm aṫar a ṁáṫar.7 Cad é an ainm is sloinne atá ann do ṁáṫair an leinḃ aċt ‘Catherine Merryman.’8

Ar ḟaid is ar leiṫead Tuadṁuṁan ‘Bryan Merryman’ atá ag an sluaġ ar uġdar na ‘Cúirte,’ agus is maiṫ liom a ḃeiṫ im ċumus roinnt do ċur annso ó ḃéalinnsint cuid de ṡeanṗlanndaíḃ na Fiacaile um Ḃrian, niḋ ná tiocfaḋ liom go bráċ a ḋéanaṁ muna mbeaḋ dúṫraċt is féile mo ċarad Miċeál Céitinn, scoloide an ḃaile sin:

Pádraig Mac Maṫġaṁna do rugaḋ i mbl. a 1782, do ċoṁnuiġ lá éigin i mBarr an Ġéagáin, beagáinín ar an dtaoḃ ṫiar den ḃFiacail, duḃairt go mion minic go raiḃ sé ar scoil Ḃriain, agus d’innis dá ṁac féin, Donnċaḋ, mórán i dtaoḃ an ṁaiġisteara is i dtaoḃ na scoile, ó am go ham. Ní ṁaireann an Donnċaḋ san, aċt tá againn, isan Scairḃ, Tomás a ṁac,—gura fada buan é. Tomás Ó Gallċoḃair (74),