Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

26

ina gcuid oibre.17 Tuairim luaċ sé púint de ṫalaṁ do ṫuillfeaḋ scláḃuiḋe isan ḃliaḋain, mar ní ḃíoḋ de ṫuarastal aige aċt réal san ló: dá réir sin níor ḃ’éiniongna rann an ḟile :-

“A ṡoirḃṡlioċt laoċ do b’ḟéile i mBanba anallód,
Ag cosnaṁ don ċléir is déarcaċ cneasta le dreóil,
Is doilḃ ḃur scéal fé ṁéirlig Ḃreatan i ngeóc,
Ag obair mo léan ar réal ḃoċt ḃeaṫaḋ sa ló.”

Aċt is mór go mb’ ḟearr réal an uair sin ná ċeiṫre teistiúin fé láṫair: i mbliaḋain a 1777 deiċ fiċead de scillingíḃ fiaċa acra talṁan is boṫáin, agus an oiread ċéadna ar ḟéar bó ar feaḋ bliaḋna. Do ġeiḃtiḋe an ḃó ar ċúpla púnt: naċ cuiṁin leis an léaġṫóir an dá líne úd as an seanaṁrán do ċuir síos ar Aonaċ Ḃeárna Gaoiṫe .i.

“Ar ṫrí ġini is réal do ċeannuiġ Seán ’Léaii
Ḋá seafaidín caola ḃi cuiḃsaċ.”

Ní capall is céaċta do ḃíoḋ ag an ḃfear boċt ċum fearainn do ḋeargaḋ aċt an raṁan: sin é fáṫ an oiread measa do ḃeiṫ ag Eoġan Ruaḋ Ó Súilleaḃáin is filí eile ar an raiṁin is mar do ḃí. Is beag saoṫar raiṁne ann indiu,—i gcúige Muṁan go háiriṫe—muna ḃféaċam d’ obair an tsleáġain.

Ó ṫárla tagairt isan ‘Ċúirt’ do ṫiġ an duine ḃoiċt ní misde ḋam innsint cad ba ċor d’árus coṁnuiḋṫe sclá- ḃuiḋe is scolóige. Is dearḃ ná bíoḋ isna fallaíḃ aċt cloċa fuara gan moirtéal ná dóib dá gceangal, i dtreó go mbíoḋ sliġe go leór ionnta ag gaoiṫ is ag fearṫainn. Fraoċ, raiṫineaċ, luaċair, biríneaċ, no gais ġarrḋa do ḃíoḋ mar ḋíon aca in inad tuiġe.

Do b’é nós na dúṫa náċ ar coṫrom le tairsiġ do ḃíoḋ urlár an tiġe, aċt troiġ éigin fé n-a ḃun, agus dá ḋeasca san ḃíoḋ an fliuċán istiġ aca de ṡíor is de gnáṫ. Ní’l