Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

9

[ag taḃairt coise agus láiṁe do ḃás agus ’gá ċoṁáint amaċ.]

Cia atá uait, a ḋuine uasail, agus béarfadsa ċuige ṫu?

D. I.—An ḃfuil aiṫne agat ar Taḋg Saor?

C.—Toġa na h-aiṫne, a ḋuine uasail.

D. I.—Cad é an saġas fir é?

C.—Fear cruaiḋ láidir iseaḋ é, a ḋuine uasail. Ní’l aon ḟear sa ṗaróisde is feár ruiṫ agus léim ’ná é. Ní dóiċ liom go ḃfuil aon ḟear sa ṗróisde ná druidfaḋ i leiṫ taoíḃ ó n-a ṁaide nó ó n-a ḃuile ḋorn. B’ḟéidir go ḃfaiġfí fir níos mó agus níos truime ’ná é aċt ní’l an fear san ag teaċt isteaċ go sráid Maġ Ċromṫa d’ḟéadfaḋ é laíṁsiáil. Ċonacsa gníoṁ aige ḋ’á ḋéanaṁ agus ċuirfaḋ sé iongna ort.

D. I.—An dóiċ leat san? Cad é an gníoṁ é?

C.—Ḃí saiġdiúirí anso anuirig nuair a ḃi an t-eleiction againn. Ṫugadar an oiḋċe istig sa ċaisleán. Is ann a curtar ċum codlata iad i gcóṁnuiġe nuair a ṫagaid siad. Nuair a ḃí an t-eleiction críoċnuiġṫe ḃíodar ag imṫeaċt. Ḃí cuid acu lasmuiċ de ġeata an ċaisleáin agus cuid acu laistig dé. Tá ráil iarainn lasmuiċ de’n ċaisleán ċum na mbeiṫiġeaċ do ċoimeád amaċ ó’n ḃfala nuair a ḃíon aonaċ sa tsráid. Tá an ráil os cionn ċúig troiġṫe ar aoírde. Do ṡeasaiṁ captaen an airm laistig de’n ráil. Ní raiḃ aon ruṫag aige mar ní raiḃ puínn slíġe idir an ráil agus fala an ċaisleáin. Níor ḋéin sé aċt seasaṁ suas leis an ráil laistig agus eiríġe de ḃunaiḃ a ċos agus teaċt de léim tar ráil amaċ. “Come,” ar seisean, “where is the b——y Papish that can do that?” Ḃíos féin ag éisteaċt leis. Siúd anonn mé go tig Ṫaiḋg. D’ínseas dó cad a ḃí tuitiṫe amac. Siúd a leiṫ é, ceann-lomraċta. Ṡeasaiṁ sé suas leis an ráil lasmuiċ. D’eiriġ sé, gan ruṫag, de ḃunaiḃ a ċos agus ċuaiḋ sé de’n léim sin glan tar ráil isteaċ. Aċt ní túisge do luig a ċosa ar an dtalaṁ istig ’ná d’eiriġ sé airís agus táinig sé de léim ġlan, i ndiaiġ a ċúil, tar ráil amaċ! Do leaṫ a súile ar a raiḃ ag feuċaint air. D’ḟeuċ sé ar an gcaptaen. “Come,” ar seisean, “Where is the b——y Orangeman that will do that?” Ṫáinig fearg ar an oificeaċ. Ṫaraing sé a láṁ. Ṫug Taḋg fé ndeara an iaraċt agus an droċ ḟuadar. Nuair a ḃí an buile ag teaċt do ṡnap sé síos a ċeann agus d’imṫig an iaraċt folaṁ. Ó’n ḃfuinneaṁ a ḃí le n-a láiṁ do ċas an t-oificeaċ ar a ċosaiḃ. Le n-a línn sin do h-aimsíġeaḋ é ag bun na cluaise le buile ḋorn ó Ṫaiḋg agus do síneaḋ ar an dtalaṁ é go breáġ socair. Ḃí Taḋg imṫiġṫe sul a raiḃ a ḟios i gceart ag an gcuid eile acu cad a ḃí tuitiṫe amaċ.

D. I.—Ba ṁaiṫ liom an fear san d’ḟeiscint. Cá ḃfuil a ṫig?

C.—Téanam ort. Buail mar seo.

[Imṫiġid.]