Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

TAḊG SAOR.


Dráma aoin ġníṁ, dráma suilt.


An ḟuirean.

Taḋg Saor. Sagart.
Duine uasal iasaċta. Crost (buaċail sráide).
Bean Ṫaiḋg. Bás (buaċail sráide).
Nóra (cailín an tiġe). Beirt luċt airm.
Doċtúir. Cailíní agus buaċailí.

AN ĊÉAD NOĊTAḊ.


Amuiġ ar ṡráid.

Duine uasal iasaċta.—Dia ’s Muire ḋuit-se.

Bás.—Dia ’s Muire ḋuit, a’s Pádraig, a ḋuine uasail.

D. I.—Náċ é seo sráid Maġ Ċromṫa agam?

Bás.—Ambasa aċ isé, a ḋuine uasail. An fada ṫánaís?

D. I.—Nár ċóir gur ċuma ḋuit! Náċ éaċtaċ an obair ná féadfaiḋ duine teaċt isteaċ i sráid iasaċta gan gaċ aon dailtín a ḃuailfiḋ uime ḃeiṫ ’ġá ḟíafraiġe ḋe an fada ṫáiniḋ sé! Ní’l duine a ḃuail umam ó ṫánag nár ċuir ceisd éigin de’n tsórd san orm.

Bás.—Gaḃaim párdún agat, a ḋuine uasail. Níor ċuireas-sa ceisd ort go dtí gur ċuiris féin ceisd ormsa ar dtúis. Ċeapas nár ḃ’ ḟoláir nó ṫánaís tamal maiṫ ó ḃaile agus a ráḋ ná raiḃ ainim na sráide seo agat.

D. I.—Tá a h-ainim anois agam. An ḃfuil fear ’n-a ċoṁnuiġe sa tsráid seo gur ḃ’ainim dó Taḋg Saor?

Bás.—Ambasa féin tá, a ḋuine uasail. Cad dob áil leat dé?

D. I.—Féuċ airís! Airiú greadaḋ ċúgaiḃ, a ṡloigisg ḋroċ ṁúinte! Ar ṫugḃúir riaṁ eólus do ḋuine gan ḃeiṫ ag ceisdiúġċán air?

Bás.—’Sdó feuċ anois, a ḋuine uasail, is tusa atá ag ceisdiúġċán ormsa.

[Tig Crost.]

Crost.—Éist do ḃeul, a ḃligáird, agus ná bí ag taḃairt gaċ ré seaḋ do’n duine uasal. Cad é seo ort, a ḋuine uasail? Ná bac an breallán san. Ní’l aon ċial aige. Imṫig leat féin as so!