Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

10

AN DARA NOĊTAḊ.


Tig Ṫaiḋg.

Taḋg Saor (i n’aonar).—Greadaḋ ċúċa mar ḃáilíḋe! Táim ciapaiṫe acu. Ní ṫugaid siad suíġe suainis dom. Is dóiċ leó gur ceart do ḋuine airgead do ḃaint as na cloċaiḃ dóiḃ.

[Tig Bás isteaċ.]

Bás.—Tá duine uasal iasaċta ar do lorg, a Ṫaiḋg.

T.—Cá ḃ’ ḟios duit, airiú, a ḃligáird! Cá ḃfuil sé, nó cad é an saġas é?

Bás.—Saġas stuacaċ, geallaim duit é. D’ ḟiafraiḋ sé díom a’ raiḃ aiṫne agam ar Ṫaḋg Saor agus nuair ḟiafraíġeas de cad é an gnó a ḃí aige díot ba ḋoiċ leat go n-íosfaḋ sé mé.

T.—Go n-iṫig rud éigin é! Cá ḃfuil sé anois?

Bás.—D’ ḟágas é féin agus Crost ag caint le ċéile. Ní deirim ná go ḃfuil sé ċugainn.

[Tig crost agus an duine uasal iasaċta isteaċ.]

Cad ba ġáḋ ḋuit me ḃualaḋ, a Ċrost! Ní raiḃ aon níḋ agam d’á ḋéanam as an sliġ ort.

C.—Féuċ, a Ṫaiḋg. Seo duine uasal agus tá gnó éigin aige ḋíotsa.

[Ruiṫeas Taḋg leis féin.]

D. I.—Cad ’tá air? Cad ċuige gur riṫ sé uaim?

C.—B’ ḟéidir dá neósṫá an gnó atá agat dé gur ḃ’usaide ḋuit dul ċum cainte leis. Fear mór-ċúraim iseaḋ é agus ní ṫaiṫnean caint ḋíoṁaoín leis. Inis dom cad é an gnó atá agat de agus leanfad é.

D. I.—Sdó, d’airiġeas feirm ṫailiṁ do ḃeiṫ le díol aige laistiar de Ṁaġ Ċromṫa i mBall éigin agus ṫánag feuċaint an ḃféadfinn an ḟeirm do ċeanaċ.

C. [I n-árd a ċinn ’s a ġuṫa].—A Ṫaiḋg!

T. [Laistig].—Ná bí am’ ḃoḋraḋ! Cad tá uait?

C.—Tá duine uasal anso agus ba ṁaiṫ leis raint cainte ḋéanaṁ leat.

T. [Laistig].—Abair leis teaċt amáraċ. Tá ana ḃruid gnóṫa orm indiu.

C.—Cad deirir leis sin, a ḋuine uasail?

D. I.—Imṫig isteaċ agus abair leis gur airíġeas go raiḃ feirm aige le díol agus gur maiṫ liom í ċeanaċ uaiḋ má ḟéadaim é.

[Imṫiġid Crost agus Bás isteaċ.]

D. I. [I n’aonar].—Seaḋ! seaḋ! seaḋ! [ag sgeartaḃ ar gáiríḃ]. Dar fiaḋ is dóiċ liom go ndéanfir an gnó, a Ṫaiḋg. Is dóċa gur ċeap sé gur ḃáile me. Ní’l aon ġráḋ dos na báiliḃ aige. Fan leat go fóil, a Ṫaiḋg, béiḋ spórt againn, geallaim