Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

36

C. Cad í an aiṫne a ḃrisfaḋ duine a ċuirfaḋ é féin ar meisge?

F. An ċúigṁaḋ aiṫne.

C. Conus san?

F. Deinean sé díoḃáil d’á ṗearsain féin, mar bainean sé ḋé féin an ṁeaḃair agus an ċial a ṫug Dia ḋó, agus sin peacaḋ trom i n-aġaiḋ Dé.

C. Cad a tuigtar le col?

F. Gaol nó cóṁgas a ḋeinean cosg ar ṗósaḋ.

C. Cad é an gaol a ḋeinean cosg ar ṗósaḋ?

F. Trí ġlúine gaoíl, ag cóṁreaṁ ó’n bpréiṁ.

C. Cá ḃfuil an ṗréaṁ?

F. An lánṁa ó’s ṡíolraiḋ na trí ġlúine gaoíl.

C. Ainimniġ na trí ġluine?

F. Clann na lánṁan an ċéad ġlúin;
Clann na clainne sin, an dara glúin;
A gclann san, an tríṁaḋ glúin.

C. Cad é an deifríġeaċt atá idir ġaol agus cóṁgas?

F. Sa ġaol sroisean gaċ glúin ar ṫaoḃ na trí ġlúine ar an dtaoḃ eilé. Sa ċóṁgas sroisid dá ġlúin ar ṫaoḃ aoinne aṁáin ar an dtaoḃ eile. Tá cóṁgas idir ḟear agus gaolta a ṁná, nó idir ṁnaoí agus gaolta a fir, aċt tá gaol idir aon ḃeirt atá laistig de na trí ġlúiniḃ.

C. An ḃfuil cóṁgas spioradálta ann?

F. Tá. An t-é ṡeasuiġean ċum baistí le leanḃ, tá cóṁgas spioradálta idir é agus an leanḃ; agus tá cóṁgas spioradálta idir an ṁáṫais-baistí agus an leanḃ.

C. Cad a ṫuigean tú le pósaḋ fé ċeilt?

F. Pósaḋ ná deintear os cóṁair na h-eaglaise.

C. Cad iad na paidreaċa áiriġṫe is gnáṫ le daoíniḃ do ráḋ ar maidin agus isdoiḋċe?

F. “Ár n-Aṫair atá ar neaṁ,” agus “Go mbeanúiġṫear duit, a Ṁuire,” agus Créḋ na n-Aspol, agus “Adṁuíġim do Ḋia.” Agus ba ṁaiṫ an rud an Ċoróinn Ṁuire do ráḋ leis.