37
C. Cé ċúm an ṗaidir sin, “Ár n-Aṫair atá ar neaṁ”?
F. Íosa Críosd féin, molaḋ go deo leis!
C. Cad ċuige gur ċúm sé an ṗaidir sin?
F. Ċum a ṁúine ḋúinne conus is ceart dúinn ár n-aṫċuingí do ċur ċum Dé.
C. Cá ṁéid aṫċuinge sa ṗaidir sin?
F. Seaċt n-aṫċuinge.
C. Abair iad?
F. Iaraimíd ar Ḋia, ar dtúis, go gcuirfaḋ sé i n-ár gcroíḋṫiḃ uile a ainim do naoṁuġaḋ, ’sé sin glóire agus onóir do ṫaḃairt d’á ainim ró naoṁṫa.
Sa dara h-aṫċuinge iaraimíd ar Ḋia go dtiocfaḋ a ríġeaċt, ’sé sin le ráḋ, go mbeaḋ ríġeaċt agus buaḋ ar an bpeacaḋ ag grásta De i n-ár gcroíḋe go h-iomlán ar an saoġal so, ionus go ḃfaiġmís ríġeaċt na ḃflaṫas ar an saoġal eile.
Sa tríṁaḋ h-aṫċuinge iaraimí ar Ḋia grásta ṫaḃairt do’n ċine daona uile ionus go ndéanfí a ṫoil naoṁṫa ar an saoġal so go h-iomlán, fé mar a ḋeínid na naoiṁ agus na h-aingil a ṫoil ar neaṁ.
Sa ċeaṫrṁaḋ aṫċuinge iaraimíd ar Ḋia gaċ níḋ atá i n-easnaṁ orainn i dtaoḃ anama agus ċuirp.
Sa ċúigṁaḋ aṫċuinge iaraimíd ar Ḋia ár bpeacaí do ṁaiṫeaṁ dúinn, agus geallaimíd dó go maiṫfimíd féin do’n uile ḋuine gaċ gníoṁ a déantar i n-ár n-aġaiḋ.
Sa séṁaḋ aṫċuigne iaraimíd ar Ḋia sinn do ċoimeád le n-a ġrástaiḃ ó gaċ contaḃairt peacaḋ.
Sa seaċtṁaḋ aṫċuinge iaraimíd ar Ḋia sinn do ṡaoraḋ ó an uile olc agus go mór mór ó’n bpeacaḋ.