Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

34

C. Cad a ċialuíġean caitiliceaċt na h-eaglaise?

F. Gur ṡeasaiṁ sí gan ċlaoḋclóḋ ó ċuir Críosd ar bun í go dtí indiu, agus go seasóċaiḋ sí go deire an tsaoġail, agus go leaṫfar í ar fuid an doṁain uile.

C. Cad a ċialuíġean aspolaiṫeaċt na h-eaglaise?

F. Gurab í an eaglais ċéadna inidu í a ċraoḃ sgaoíleadar na h-aspoil ar dtúis, agus gur ḃ’ í an eaglais ċéadna í an uile lá i gcaiṫeaṁ na h-aimsire sin.

C. An ṁuíntir a rugaḋ agus do tógaḋ i gcreideaṁ eile, agus go dtuigid ’na n-aigne, i láṫair Dé, gurab é an creideaṁ fírinneaċ atá acu, an ḃfuilid na daoíne sin geárṫa amaċ ó’n eaglais?

F. Ní ’lid. Bainid na daoíne sin le h-anam na h-eaglaise agus táid siad páirteaċ i gcomaoíne na naoṁ, ar ṡlíġ, agus i n-a lán de ṡaidḃreas spioradálta na h-eaglaise, bíoḋ gan a ḟios san do ḃeiṫ acu féin.


C. An ’mó sórd peacaḋ ann?

F. Ḋá ṡórd; peacaḋ an tsínsir agus peacaḋ ġníṁ.

C. An ’mó sórd peacaḋ gníṁ ann?

F. Ḋá ṡórd; peacaḋ marḃṫaċ agus peacaḋ soloġṫaċ.

C. An ’mó cuma ’na ndeintear peacaḋ?

F. Ċeiṫre ċuma; le smuíneaṁ le briaṫar le gníoṁ agus le faílíġe.

C. An peacaḋ gaċ droċ smuíneaṁ?

F. Ní h-eaḋ muna dtugtar toil dó.

C. Cad iad na coínġíl atá ríaċtanaċ ċum gníṁ do ḃeiṫ ’na ṗeacaḋ?

F. Ní foláir é ḃeiṫ toilteaṁail agus é ḃeiṫ i n-aġaiḋ dlíġe Dé.

C. Conus a deintear peacaḋ le briaṫar?

F. Le focal peacaṁail nó le caint ṗeacaṁail.

C. Cad a ṫuigean tú le dlíġ Dé?

F. Aiṫeanta Dé agus na h-eaglaise.