Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

33

C. Cad ċuige gur ḟuiling Críosd bás ar ár son-ne?

F. Ċum sinn do ṡaoraḋ ó ifrion agus ó ċóṁaċtaiḃ an diaḃail.

C. Cad do ḃeir sinn i gcóṁaċtaiḃ an diaḃail?

F. Peacaḋ an sínsir.

C. Conus a ṫárla sinne ḃeiṫ ciontac i bpeacaḋ an tsínsir?

F. Óir, an easuṁluíġeaċt a ḋein ár gcéad aṫair agus ár gcéad ṁáṫair, do ċuir sé an peacaḋ orṫa féin agus ar a slioċt, agus mar ġeall ar sin do geineaḋ agus do rugaḋ sinn i bpeacaḋ.

C. Ar ċuaiḋ aoinne de ṡlioċt Adam agus Éḃa saor ó’n bpeacaḋ san?

F. Do coimeádaḋ an Ṁaigdean Ṁuire saor uaiḋ, óir ḃí sí le ḃeiṫ ’na máṫair ag Mac Dé.

C. Ar rugaḋ aon duine eile saor uaiḋ?

F. Do rugaḋ, Naoṁ Eóin Baiste. Do glanaḋ é ó ṗeacaḋ an tsínsir agus é i mbroínn a ṁáṫar.


C. Cé ċuir an eaglais ar bun?

F. Íosa Críosd.

C. Conus aiṫníġtear an eaglais a ċuir Críosd ar bun ó gaċ eaglais eile?

F. Táid ċeiṫre cóṁarṫaíḋe soḟeicse ar eaglais Ċríosd.

C. Cad iad na ċeiṫre cóṁarṫaíḋe iad san?

F. Aondaċt, naoṁṫaċt, caitiliceaċt agus aspolaiṫeaċt.

C. Cad a ċialuiġean aondaċt na h-eaglaise?

F. Nár ċuir Críosd ar bun aċt aon eaglais aṁáin, gur ṫug ḋi aon ċreideaṁ aṁáin, agus gur ċuir sé os a cionn ar an saoġal so aon ċeann soḟeicse aṁáin.

C. Cé hé ceann soḟeicse na h-eaglaise?

F. An Pápa.

C. Cad a ċialuiġean naoṁṫaċt na h-eaglaise?

F. Gur naoṁṫa an t-É ċuir ar bun í, gur naoṁṫa a teagasg, gur naoṁṫa iad a sácramíntí, agus go ḃfuilid daoine naoṁṫa le fáġail i gcóṁnuíġe inti.

2