Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

32

C. Caṫain a rugaḋ é?

F. Oíḋċe Nodlag, trí ráṫa ó’n Márta san.

C. Cad é an ainim a tugaḋ air?

F. Íosa Críosd.

C. An ḃfuil an dara pearsa de’n Tríonóid ’na Ḋia agus ’na ḋuine ó sin?

F. Tá.

C. Conus is féidir Dia agus duine ḃeiṫ i n-aon ṗearsain aṁáin?

F. Ní féidir an níḋ sin do ṫuigsint.

C. An ḃfuil sé ceangailte orainn é ċreideaṁaint?

F. Tá.

C. Cá ḃ’ ḟios dúinn an fíor é?

F. D’ ḟoilsig Dia ḋúinn é.

C. Cad ċuige gur ġlac Mac Dé colan daona?

F. Ċum báis d’ ḟulang ar ár son.

C. Caṫain a fuair sé bás?

F. Aoíne an Ċéasda.

C. An ’mó nádúr i n-Íosa Críosd?

F. Ḋá nádúr, nádúr Dé agus nádúr duine.

C. Nuair a fuair sé bás ar sgar a anam le n-a ċorp?

F. Do sgar.

C. Ar sgar nádúr Dé le n-a anam?

F. Níor sgar.

C. Ar sgar nádúr Dé le n-a Ċorp?

F. Níor sgar.

C. Conus d’ aiseirig sé ó’n mbás?

F. Ṫug sé a ċorp agus a anam ċum a ċéile airís, le n-a ċóṁaċt féin, agus ansan ḃí sé glórṁar doṁarḃṫaċ, ag eirġe ḋó as an uaig.

C. Cad a tuigtar le deasgaḃáil ár Slánuiġṫeóra?

F. A ġaḃáil ar deasláiṁ Dé.

C. Cad é bríġ na ḃfocal san, “ar deasláiṁ Dé.”

F. Go ḃfuil ag Íosa Críosd, sa ṁéid gur Dia é, na cóṁaċta céadna atá ag an Aṫair Síoruiḋe, agus sa ṁéid gur duine é gurab é is giora do Ḋia ins na flaṫais.