Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

31

APPENDIX.

C. An ḃfuil gaċ pearsa fé leiṫ, de na trí pearsanaiḃ, ’na Ḋia?

F. Tá, go fíor.

C. Náċ sin trí deiṫe fé leiṫ ann?

F. Ní h-eaḋ aċt trí pearsana fé leiṫ i n-aon Dia aṁáin.

C. Conus san?

F. Mar ní’l ins na trí pearsanaiḃ aċt aon nádúr aṁáin diaḋa.

C. An féidir dúinn an níḋ sin do ṫuigsint?

F. Ní féidir, aċt tá sé ceangailte orainn a ċreideaṁaint gur fíor é.

C. Conus is féidir dúinn a ċreideaṁaint gur fíor é muna féidir dúinn é ṫuigsint?

F. Is ’mó rud is fíor náċ féidir linn a ṫuigsint, agus is ’mó rud a ċreidimíd náċ féidir linn a ṫuigsint.

C. Cá ḃ’ ḟios dúinn an fíor go ḃfuil trí pearsan i nDia?

F. Mar d’ ḟoilsiġ Dia féin dúinn é.


C. Ciacu de na trí pearsanaiḃ a ġlac colan daona?

F. An Mac.

C. Cad a ġlac sé?

F. Corp agus anam daona.

C. Cá ’r ġlac se colan daona?

F. I mbroínn na Maiġdine Muire.

C. Conus?

F. Le h-oibriúġaḋ ó’n Spioraid Naoṁ.

C. Caṫain?

F. Lá ḟéile Muire, an cúigṁaḋ lá fiċid do Ṁárta, naoi gcéad déag bliaġan ó ṡin.