Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

16

C. An fada d’ ḟan corp Ċríosd san uaig?

F. Cuid de ṫrí lá.

C. Cad d’ imṫig ar ċorp Ċríosd an tríṁaḋ lá?

F. Do ṫóg sé é féin go glórṁar agus go doṁarḃṫaċ ó ṁarḃaíḃ.

C. Cad é an lá d’ eirig Críosd ó ḃás?

F. Doṁnaċ Cásga.

Ceaċt a cúig.

C. Cad é an ḟaid d’ ḟan Críosd ar an dtalaṁ so tár éis na h-aiseiríġe?

F. Daċad lá.

C. Cad fá gur ḟan sé ar talaṁ tar éis aiseiriġṫe ḋó?

F. Ċum a ṫaisbeáint go soiléir gur aiseirig sé, agus ċum na n-Aspol do ṫeagasg.

C. Cá ndeaċaiḋ sé i gceann an daċad lá?

F. Do ċuaiḋ sé suas ar neaṁ.

C. An ndeaċaiḋ sé le n-a ċolainn suas ar neaṁ?

F. Do ċuaiḋ agus tá sé n-a ṡuiḋe ar deas láiṁ Dé.

C. Cad a tuigtear le n-a ráḋ go ḃfuil Críosd ’n-a ṡúiḋe ar deas láiṁ Dé?

F. Tuigtear gurab é Críosd, sa ṁéid gur duine é an t-é is giora do Ḋia ar neaṁ.

C. Cá fada tar éis deasgaḃála Ċríosd gur ċuir sé an Spioraid Naoṁ uaiḋ?

F. Deiċ lá n-a ḋiaig, ’sé sin, Doṁnaċ Cíngíse.

C. Cad fá gur ċuir sé an Spioraid Naoṁ uaiḋ?

F. Ċum sinne do naoṁúġaḋ, agus ċum na n-Aspol neartúġaḋ ċum an tSoisgéil, ’sé sin an dlíġ nua, do ċraoḃsgaoíle.

C. Cad a tuigtear leis an ndlíġ nua?

F. An dlíġ a tugaḋ do na Críosdaiḋṫiḃ.

C. Cad a tuigtear leis an sean dlíġ?

F. An dlíġ a tugaḋ do na Iúduíġeaċaiḃ.

C. Conus aiṫníġtear gur Críosdaiḋṫe sinn?

F. Tré n-ár mbaiste, le dlíġ Ċríosd d’ adṁáil, agus tré ċóṁarṫa na croise.