Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

15

C. Ar daoraḋ sinne mar a daoraḋ ár gcéad aṫair agus ár gcéad máṫair?

F. Do daoraḋ, de ḃríġ gur ṫánamair ar an saoġal so ciontaċ sa ṗeaca ċéadna.

C. Conus ainimníġtear an peaca san?

F. Peaca an tsínsir.

C. Conus a ġeiḃmíd maiṫeaṁnaċas i bpeaca an sínsir?

F. Tré ṁór luaċt ḃáis Ċríosd do ḋul ċum soċair dúinn sa ḃaiste.

C. Ar ġlac Mac Dé colan daona gan maíl tar éis an ṗeaca a ḋein ár gcéad aṫair agus ár gcéad ṁáṫair?

F. Níor ġlac, go dtí tímpal ċeiṫre ṁíle blian ’na ḋiaiġ.

C. Cad é an lá a rugaḋ Íosa Críosd?

F. Lá Nollag.

C. An fada a ṁair sé ar an dtalaṁ so?

F. Tímpal trí mblian ndéag ar ḟiċid.

C. Conus a ċríoċnuig sé a ḃeaṫa?

F. Fuair sé bás tárnálta ar ċrois.

C. Cad é an lá a fuair Críosd bás?

F. Aoíne an Ċéasda.

C. Cá ḃfuair sé bás?

F. Ar ċnuc Ċalḃerí.

C. Cá ndeaċaiḋ anam Ċríosd tar éis a ḃáis?

F. Ċuaiḋ sé síos go h-ifrion.

C. An ndeaċaiḋ a anam go h-ifrion na ndamanta?

F. Ní ḋeaċaiḋ, aċt go h-inead suainis ar a dtugtar limbó.

C. Cé h-iad a ḃí i Limbó?

F. Anamnaċa na ḃfíoraon a fuair bás roim Ċríosd.

C. Cad fá nár leigeaḋ go flaṫas Dé iad gan maíl tar éis a mbáis?

F. De ḃríġ go raiḃ flaṫas Dé dúnta i n-aġaiḋ gaċ uile ḋuine ċum gur osgail Críosd le n-a ḃas e.

C. Cá raiḃ corp Ċríosd an ḟaid a ḃí a anam i Limbó?

F. Ḃí sé san uaig.