Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

17

C. Conus a déintear cóṁarṫa na croise?

F. Curtar an láṁ ḋeas ar an éadan, ansan ar an uċt, agus ansan ar an ngualainn ċlé agus ansan ar an ngualainn ndeis, agus deirtear le n-a línn sin, “I n-ainim an Aṫar agus an Ṁic agus an Spioraid Naoiṁ. Amen.”

C. Cá ḃfuil Críosdaiḋṫe fírinneaċa le fáġail?

F. Sa teampal fírinneaċ aṁáin.

C. Cad a tuigtear leis an dteampal fírinneaċ?

F. Cóṁċruinniúġaḋ na ḃfíorċreidṁaċ uile.

C. Conus ainimníġtear an teampal fírinneaċ?

F. An Teampal Caitilicíḋe Róṁanaċ.

C. Cad fá go nglaoiḋtear “Róṁánaċ” ar an dteampal ḃfírinneaċ?

F. Ó’n Róiṁ, mar is ann a ċóṁnuíġean ceann so ḟeicse an teampail.

C. Cé h-é ceann soḟeicse an teampail?

F. An Pápa, fear-inid Íosa Críosd.

C. Cé h-é ceann doḟeicse an teampail?

F. Íosa Críosd féin, molaḋ go deo leis!

C. Cad fá go nglaoiḋtear “Caitilicíḋe” ar an dteampal ḃfírinneaċ?

F. De ḃríġ go seasóċaiḋ an teampal fírinneaċ go deire an tsaoġail agus go sruṫfiḋ ar feaḋ críoċa an doṁain uile.

C. Cé h-iad atá ar an dtaoḃ amuiċ de’n teampal?

F. An ṁuíntir nár baisteaḋ, an dream a ṫuitean fé ċaindeal-ḃáṫ, agus an ṁuíntir, tré na gcoir féin, a leanan go ceanntréan earáid creidiṁ.

C. An ḃfuil a ṫuile lasmuiġ de’n teampal?

F. Tá, an ṁuíntir a ḋiúltuíġean úṁlaċt ḋleaġṫaċ, i neiṫiḃ spioradálta, do ċeann soḟeicse an teampail.

C. An féidir do’n teampal tuitim i n-earáid, ná dul amú?

F. Ní féidir, óir do ġeall Críosd go mbeaḋ sé féin agus a Spioraid ḃeanuiġṫe do ġnáṫ i n’ ḟoċair agus ná buaḋfaḋ dóirse ifrinn air.