Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

14

C. Conus a ṫarla gur geineaḋ sinn i bpeaca?

F. De ḃríġ go ndeárnaḋ ár gcéad aṫair agus ár gcéad ṁáṫair easúṁluíġeaċt i n-aġaiḋ Dé.

C. Cé ċuir caṫ orṫa ċum easuṁluíġeaċta do ḋéanaṁ i n-aġaiḋ Dé?

F. An diaḃal.

C. Cad a ṫuigean tú leis an ndiaḃal?

F. Aon de na h-aingealaiḃ a ḋíbir Dia as na flaṫasaiḃ.

C. Cad a ṫuigean tú le h-aingealaiḃ?

F. Spioraidí glana a cruṫuiġeaḋ ċum Dia do aḋraḋ ar neaṁ.

C. Cad fá gur díbreaḋ aingil as na flaṫasaiḃ?

F. De ḃríġ gur ḋeineadar méirleaċas i n-aġaiḋ Dé.

C. An ḃfuil aon ċúram eile ar na h-aingiolaiḃ aċt Dia d’ aḋraḋ?

F. Tá. Ċuir Dia uaiḋ go minic iad mar ṫeaċtairí ċum daoíne, agus táid ceapaiṫe ċum ḃeiṫ d’ ár gcuíṁdeaċt.

C. Cad é an pionós a ċuir Dia ar na h-aingiolaiḃ a ḋíbir sé as na flaṫasaiḃ?

F. Ḋaor sé ċum ifrinn iad.

C. Ċad a ṫuigean tú le h-ifrion?

F. Áit ’na ḃfuil pianta síoruíḋe.

C. An ḃfuil aon dream eile daor ċum ifrinn aċt na diaḃail?

F. Tá, na daoíne a ġeiḃean bás ’na naṁdaiḃ ag Dia.

C. Cad é an luaċt saoṫair a ṫug Dia do na h-aingiolaiḃ d’ ḟan dílis?

F. Ṡocraiḋ sé iad go síoruíḋe i nglóire.

Ceaċt a ceaṫair.

C. Cad é an pionós a ċuir Dia ar ár gcéad aṫair agus ar ár gcéad ṁáṫair?

F. Ḋaor sé ċum báis iad.

C. Ar ċuir sé aon ṗionós eile orṫa?

F. Do ċuir. Ḃain sé ḋíoḃ gaċ teidiol dá raiḃ acu ċum flaṫais Dé, agus mórán eile taḃarṫaisí dár bronaḋ orṫa.