Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

13

C. An ḃfuil aon ṗearsa de na trí pearsanaiḃ diaḋa so níos eagnaíġe, níos seine ná níos mó cóṁaċta ná ċéile?

F. Ní’l, óir táid uile iomlán gan teóra.

Ceaċt a trí.

C. Cad a ċialuíġean Inċolna?

F. Gur ġlac Mac Dé colan daona ċum rinne d’ ḟuasgailt agus do ṡáḃáil.

C. Cad a ṫuigean tu le colan daona do ġlacaḋ?

F. Nádúr an duine do ġlacaḋ, ’sé sin corp agus anam mar atá againne.

C. Conus d’ ainimníġean tú Mac Dé inċolnuiġṫe?

F. Íosa Críosd, Fuasgalóir agus Slánuiġṫeóir an doṁain.

C. Cé h-é Íosa Críosd?

F. Mac Dé, an dara Pearsa de’n Tríonoid ró naoṁṫa, do ġlac colan daona.

C. Cár ġlac sé corp agus anam mar atá againne?

F. I mbroínn na Maiġdine Glórṁaire Muire.

C. Conus sin?

F. Ġaiḃ sí é ó’n Spioraid Naoṁ.

C. Cá ṁéid nádúr i n-Íosa Críosd?

F. Ḋá nádúr, nádúr diaḋa agus nádúr daona.

C. Cad atá ceangailte orainn a ċreideaṁaint i dtaoḃ Íosa Críosd?

F. Go ḃfuil sé ’na ḟíor Ḋia agus ’na ḟíor ḋuine.

C. Cá ḃfiul Íosa Críosd anois?

F. Sa ṁéid gur Dia é tá sé ins gaċ uile áit, agus sa ṁéid gur duine é tá sé ar neaṁ aṁáin agus i naoṁ-Ṡácramínt na h-altóraċ.

C. Cad fá gur ġlac Mac Dé colan daona?

F. Ċum báis d’ ḟulang ar ár son.

C. Cad fá gur ḟuiling Críosd bás ar ár son?

F. Ċum cirt Dé do ṡásaṁ agus ċum sinne do ṡáḃáil ó ifrion agus ó ċóṁaċtaiḃ an diaḃail.

C. Cad fá go raḃmairne i gcóṁaċtaiḃ an diaḃail?

F. De ḃríġ gur geineaḋ sinn i bpeaca.