Page:An t-oileanach.djvu/95

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
85
An t‑Oileánach

léi gur tháinig a fear chun é throid. Níor fhág sí thíos ná thuas air é.

“Dhera,” ar seisean, “nach mó duine nach mise do chaith uaidh í.”

“Ná an diabhal duine ach mara raibh ’madán eile mar thu féin,” ar sise.

Do chuir sí chun feirge é insa deire gurbh éigean do’n gcomharsain teacht fé dhéin a gcosanta fé dheire.

Lar na mháireach do phrioc fear an tighe suas é féin. Leig sé air gur ag soláthar mine chun na muc a bhí sé ag dul go Daingean Uí Chúise. Thug sé ball éadaigh ó dhuine agus ball ó dhuine eile agus níor stad gur bhain amach an baile mór. Thug daoine muinnteardha éigin costas an bhóthair do agus níor chas riamh ó shin.

Té ab eadh bhí ’sna boscaí úd. Dob’ é an chéad té a tháinig ’on Oileán é. D’aithneochaimís go maith anois é.