Page:An t-oileanach.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

IX

An Rón

Ag bailiú feamnaighe, an rón sa chladach, an troid, marbhú an róin an chos ghonta, soláthar an leighis.

Is cuimhin liom maidean a thugas aghaidh chun na trágha. Aimsir leasaithe dob eadh í. Do bhíos go lán-mhoch agus píce breagh nua agam chun má bhuailfeadh aon dornán feamnaighe liom í bhailiú leis. An uair a shroicheas barr an chladaigh do bhuaileas mo bhrollach ar mhaolchlaidhe beag do bhí ann ach ní raibh gealas a dhóthain ann chun aon rud d’fheiscint ó bharra, agus ó’n uair ná raibh thugas an dá sháil le fánaidh nó gur shroicheas an grean. Do bhí beagán feamnaighe tirm ar fuaid an bharrataoide go léir agus do chaitheas ar a chéile lem’ píce breagh nua í. Do bhí sórt mórtais annsan orm an méid sin de ghnó fónta do bheith déanta agam agus daoine eile ’na gcodla ach creidim ná ritheann an sórt san mórtais i bhfad le daoine agus dob’ in ionbhadh agam-sa, leis, é.

Níor ró fhada gur chuala an tsrann ghránna age m’ chúl, srann diamhair a thóg ó thalamh na hÉireann me, gan aenne im’ threo, gan aenne ag teacht orm agus fós gan an mhaidean ana-sholasmhar. Do dheineas machtnamh gurbh’ olc an fear me agus an lá ag teacht orm ná raghadh sa treo gur deineadh an tsrann agus arm maith im’ láimh agam. Ní raibh an focal as mo bhéal an uair a chuala srann agus srann eile.

( 86 )